An chéad mhisean spáis a rinne teagmháil le cóiméad, trí eitilt trí dheannach is iain eireaball chóiméad Giacobini-Zinner i 1985. Lainseáladh an spásárthach i 1978, mar an Taiscéalaí Idirnáisiúnta Gréine is Domhain, chun an ghrianghaoth a mhonatóiriú, ach athdhíríodh é i 1983 le cabhair imtharraingtan Domhain is na Gealaí chun teagmháil leis an gcóiméad. Rinne sé tomhais den chéad uair ar idirghníomhú an chóiméid leis an ngrianghaoth, agus bhí in ann teacht slán as taisteal ar luas 21 km in aghaidh an tsoicind trí dheannach an eireabaill. Faoi bhainistiú Lárionad Spáis Goddard de chuid NASA.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol a bhaineann leis an spáis nó spáseitilt é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.