Tarpán
géineas iasc
Iasc mór, suas le 2.4 m ar fhad, sa ghéineas Megalops is ea an tarpán.[1] Tá an dá speiceas ann: Megalops atlanticus atá fairsing san Atlantach, agus Megalops cyprinoides sna haigéin Ciúin agus Indiach. Luachmhar mar iasc spóirt. A bhéal claonta, a chorrán íochtarach fadaithe, eite bheag droma air is eite fhada ghathach dheiridh. Maireann na larbhaí in uiscí tanaí atá dlúth le cladach, agus riasca goirte.[2]
Megalops | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Actinopteri |
Ord | Elopiformes |
Fine | Megalopidae |
Géineas | Megalops Valenciennes, 1847 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Megalops” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Tarpán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 644.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |