Teanglann
Suíomh gréasáin a sholáthraíonn foclóirí tábhachtacha Gaeilge, chomh maith le sonraí gramadaí agus foghraíochta, is ea Teanglann. Tugtar an Leabharlann Teanga agus Foclóireachta ar an suíomh freisin.[1] Is é Foras na Gaeilge a d'fhorbair an suíomh mar thionscadal comhthreomhar le tionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge.
URL | https://www.teanglann.ie/ agus http://breis.focloir.ie/ |
---|---|
Cineál | suíomh gréasáin |
Cur i seirbhís | 31 Deireadh Fómhair 2013 |
Tír | Éire |
Tá leaganacha inchuardaithe leictreonacha den English-Irish Dictionary (eag. Tomás de Bhaldraithe, 1959), Foclóir Gaeilge-Béarla (eag. Niall Ó Dónaill, 1977), agus An Foclóir Beag (eag. Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, 1991) ar an suíomh.
Aip
cuir in eagarTá leagan den suíomh ar fáil mar aip ar Google Playstore agus Apple Appstore freisin, saor in aisce.
Is féidir suas le 3 fhoclóir Gaeilge móide na comhaid ghramadaí agus fuaime a íoslódáil. Agus is féidir leat úsáid na mbunachar uile a shaincheapadh de réir do riachtanais féin – má bhíonn spás ag teastáil ar do ghléas, is féidir fáil réidh le bunachair áirithe, agus iad a ath-íoslódáil níos déanaí más mian.[2]
Feidhmeanna agus gnéithe
cuir in eagar- Uathchríochnú sa chuardach chun cabhrú leat focail agus frásaí a aimsiú go tapa;
- Cuir réiltín leis na hiontrálacha is fearr leat chun iad a shábháil;
- Liosta de na cuardaigh is déanaí a rinne tú;
- Tapáil faoi dhó ar fhocal in iontráil chun é sin a chuardach;
- An comhéadan ar fáil i nGaeilge nó i mBéarla (nó sa Fhraincis).
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarIs féidir teacht ar an leagan den aip do ghléasanna Apple anseo agus an leagan Android anseo
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Maidir leis an suíomh seo". Dáta rochtana: 2024-11-10.
- ↑ "Aip an tsuímh" (ga). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2024-11-10.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |