Teas folaigh
Is éard atá i gceist leis an teas folaigh[1][2] ná an teas a ionsúnn ábhar íon soladach agus é ag leá ag a leáphointe, mar a bhfanann a theocht tairiseach go mbíonn an t-ábhar go léir leachtach (an teas folaigh leáite), agus an teas a ionsúnn an t-ábhar leachtach is é ag fiuchadh ag a fhiuchphointe, mar a bhfanann a theocht tairiseach go mbíonn an t-ábhar go léir galaithe (an teas folaigh galaithe). Bíonn an teas folaigh céanna i gceist nuair a reonn an leacht ina sholad (an teas folaigh reoite) agus an teas folaigh leáite, ach amháin go gcailleann an leacht an teas seo. Mar an gcéanna, nuair a chomhdhlúthaíonn an ghal ina leacht, is ionann an teas folaigh a chailleann an ghal (an teas folaigh comhdhlúthaithe) is an teas folaigh galaithe. I gcás oighir ag 0 °C, is é 3.34 × 105 J kg-1 an teas folaigh leáite. I gcás uisce ag 100 °C, is é 2.26 × 106 J kg-1 an teas folaigh galaithe.[3]
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ Niall Ó Dónaill, eag., ed. (1977). "Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): teas folaigh". Teanglann.ie. Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-1857910384. Aisghafa 2023-08-19.
- ↑ ""latent heat" | téarma.ie". Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Aisghafa 2023-08-19.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teas folaigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 648.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |