Gaireas chun íomhá fhormhéadaithe de gach fráma i ndiaidh a chéile a léiriú ar scáileán, nuair a bhíonn scannán á ghluaiseacht go leanúnach, is ea teilgeoir scannáin.

Greamaíonn an cró nochtaithe leis an scannán, coinnítear an fráma fosaithe sa chró ar feadh gearrthréimhse léirithe fráma, agus ansin cuirtear an cró céim chun tosaigh le roth fiaclach trí na poill ar imeall an scannáin, an solas á chosc le comhla le linn na gluaiseachta sin. Atáirgtear an fuaimrian ar an scannán le ceann eile fuaime de réir mar a ghluaiseann an scannán ar aghaidh go leanúnach.

Chun scannán a léiriú i bpictiúrlann, is gá foinsí cumhachtacha solais. Ar dtús bhíodh lampaí carbóin in úsáid chuige seo, ach lampaí xeanóin 2-5 kW a úsáidtear anois, agus fócasaítear an solas ar an gcró le scáthán mór parabólóideach. I gcás scannáin 35 mm, tógann na spóil suas le 1,800 m den scannán le dhá cheann suite os cionn is faoi bhun an teilgeora, ceann acu chun an chuid den scannán atá léirithe a stóráil.

Tá córais le lúba leanúnacha in úsáid go forleathan freisin ar féidir scannán iomlán 7,500 m, a mhairfeadh 4½ uair, a léiriú leo, agus na spóil seo (a dtugtar trinsiúir orthu) suite go cothrománach ar chaschláir.

Tá teilgeoirí ann i gcomhair scannán 16 mm is scáileán réasúnta beag, agus úsáideann siad seo lampaí tungstain/halaigine 250-500 W le spóil scannáin 500 m.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Teilgeoir scannáin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 652.