Córas teilifíse ina dteilgtear na híomhánna trí lionsaí leathanchró ar scáileán mór seachtrach, de ghnáth le 3 fheadán ga-chatóideach ardghile sa 3 phríomhdhath, dearg, glas is gorm. Le rialú leictreonach, is féidir an 3 íomhá a chlárú go cruinn ar a chéile chun íomhá dhaite amháin a tháirgeadh. Ach bíonn an raon gile teoranta, ionas nach féidir íomhánna níos mó ná 4 m a theilgean. Tá leaganacha aonlionsa ina mbíonn scátháin dhéchrómacha chun na léis a chumascadh nó feadáin solais de dhéanamh dé-óide leachtchriostalta. Más mian íomhánna níos mó a theilgean, is gá lampa xeanóin le modhnú físíomhá a úsáid, mar atá i gcóras Eidophor.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Teilifíseán teilgthe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 653.