Teiripe mheigivitimíní
Teiripe cothaithe a thairg Linus Pauling, a cheap go seachnódh is go leigheasfadh dáileoga móra vitimín C an slaghdán coiteann trí iarmhairt dhíreach fhrithvíreasach agus an córas imdhíonach a fheabhsú. Is eol gur bhain síciatraithe feidhm as dáileoga móra de vitimíní éagsúla chun cóireáil ar othair le neamhoird éagsúla, scitsifréine, dúlagar is hipirghníomhaíocht, ar an mbonn gurbh fhéidir gur tharla siad seo mar thoradh ar easpa vitimíní. Is eol freisin ó thaighde iontaofa go bhfuil mionlach daoine nach féidir leo dóthain vitimíní nó mianraí a asú óna gcuid bia, agus gur gá d'othair ailse i bhfad níos mó díobh a ithe ná an gnáthdhuine chun nach mbeidh uireasa orthu. Ar an taobh eile, is eol go mbíonn iarmhairtí tocsaineacha ar mhéid iomarcach de vitimíní áirithe. Mar sin, is inmholta aon teiripe meigivitimíní a ghlacadh faoi stiúir dochtúra.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teiripe mheigivitimíní". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 655.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |