Teirmeasféar
Ciseal uachtarach an atmaisféir os cionn an mheiseastad (ag airde timpeall 80 km) mar a bhfuil dlús an atmaisféir an-íseal. Sa chuid íochtarach de, nítrigin (N2) is ocsaigin ina foirm mhóilíneach (O2) is adamhach (O) is mó atá san atmaisféar, ach os cionn 200 km ocsaigin adamhach is flúirsí ná aon ghás eile. Sa teirmisféar éiríonn an teocht leis an airde, de bharr ionsú na radaíochta ultraivialaite ón nGrian ag an ocsaigin adamhach. Tugtar an t-ianaisféar air freisin.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teirmeasféar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 656.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |