Teoirim dheireanach Fermat

Timpeall 1637 scríobh an matamaiticeoir Pierre de Fermat go raibh sé tar éis a chruthú nárbh fhéidir aon slánuimhir n níos mó ná 2 a aimsiú a chomhlíonfadh an chothromóid xn + yn = zn, sa chás gur slánuimhreacha iad x, y is z. (Más n = 2, is ionann an chothromóid seo is teoirim Phíotágaráis)/[1]

Bosca Sonraí UimhirTeoirim dheireanach Fermat
Cineálteoirim Cuir in eagar ar Wikidata
EapainmPierre de Fermat Cuir in eagar ar Wikidata
Airíonna
Foirmlí
Slonn ailgéabrach Cuir in eagar ar Wikidata
Teoirim dheireanach Fermat

Cailleadh a chruthú. Ach tugadh "Teoirim dheireanach Fermat" air agus bhí an teoirim ina sprioc dhoshroichte sa mhatamaitic leis na céadta bliain.

Fadhb a raibh Fermat an-tugtha di ab ea an ceann seo a leanas.

Is féidir na huimhreacha príomha atá níos mó ná 3 a rangú in dhá rang: rang amháin, 5, 13, 17, 29, 37, … den fhoirm 4 n + 1, mar is slánuimhir í n, agus an dara rang, 7, 11, 18, 23, 31, … den fhoirm 4 n + 3. Is féidir gach uimhir phríomha den chéad rang a scríobh mar shuim dhá chearnach, mar seo: 5 = 12 + 22, 13 = 22 + 32, 17 = 12 + 42

…, ach cén fáth mar sin nach féidir é seo a dhéanamh le huimhir phríomha sa dara rang?

Faoi dheireadh, i lár na 1990idí léirigh matamaiticeoir Sasanach, Andrew Wiles, cruthú fada casta a shásaigh na matamaiticeoirí. Ach is tuairimíocht cháiliúil ei le hipitéis Riemann, nár aimsíodh cruthú fós uirthi.[2]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Pierre de Fermat, Pierre de Fermat (1679). "VARIA OPERA MATHEMATICA · D. PETRI DE FERMAT, SENATORIS TOLOSANI". 
  2. Hussey, Matt (2011). "Teoirim dheireanach Fermat". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 264.