Pierre de Fermat
Dlíodóir agus matamaiticeoir a rugadh i mBeaumont-de-Lomagne sa bhFrainc ab ea Pierre de Fermat (17 Lúnasa 1601– 12 Eanáir 1665). Ba mhatamaiticeoir den chéad scoth é. Rinne sé an-chuid céimeanna chun cinn i réimsí éagsúla na matamaitice maidir le hairíonna uimhreacha, dóchúlachtaí, geoiméadracht is optaic. Rinne sé staidéar ceannródaíoch (le Pascal) ar dhóchúlacht go háirithe.
Pierre de Fermat | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
| |||
Saol | |||
Eolas breithe | Beaumont-de-Lomagne, 1601, 17 Lúnasa 1601, 1607, 1607 | ||
Náisiúntacht | Frainc | ||
Bás | Castres, 12 Eanáir 1665 | ||
Muintir | |||
Céile/Céilí | Louise de Long (en) ![]() | ||
Oideachas | |||
Alma mater | Ollscoil Orléans Sean-Ollscoil Orléans (1623 - | ||
Leibhéal oideachais | Bachelor of Laws (en) ![]() | ||
Teangacha | An Laidin an Fhraincis | ||
Gairm | |||
Gairm | matamaiticeoir, dlíodóir agus breitheamh | ||
Fostóirí | Parliament of Toulouse (en) ![]() | ||
Saothar iomráiteach | Prionsabal Fermat Teoirim dheireanach Fermat Fermat's little theorem (en) ![]() Fermat point (en) ![]() | ||
Daoine le tionchar air/uirthi | Diafantas, Jerome Cardan agus François Viète (en) ![]() |
Thugtaí moladh dó as a chuid léinn agus a chuid ionracais mar bhreitheamh.[1]
MatamaiticCuir in Eagar
Is fearr aithne ar de Fermat anois as a Theoirim Dheireanach. Timpeall 1637 scríobh de Fermat go raibh sé tar éis a chruthú nárbh fhéidir aon slánuimhir n níos mó ná 2 a aimsiú a chomhlíonfadh an chothromóid xn + yn = zn, sa chás gur slánuimhreacha iad x, y is z. (Más n = 2, is ionann an chothromóid seo is teoirim Phíotágaráis).
Cailleadh a chruthú ach cuireadh "Teoirim dheireanach Fermat" air. Faoi dheireadh, i lár na 1990idí, thángthas ar chruthú fada casta a shásaigh na matamaiticeoirí.
Uimhirtheoiric eileCuir in Eagar
Thairg Fermat gurbh uimhir phríomha í (22)" + 1 nuair is slánuimhir dhearfach í n, ach cruthaíodh nach fíor é seo.
D'aimsigh Fermat dhá uimhreacha caoimhiúla sa bhliain 1636 —17,296 is 18,416—agus ó shin aimsíodh tuilleadh, le ríomhairí go príomha.
FisicCuir in Eagar
Sa bhfisic, tugtar Prionsabal Fermat ar thaisteal gathanna solais idir dhá phointe (mar shampla ón aer, trí phána gloine, le hathraonadh ar an dá thaobh, agus amach san aer ar an taobh eile) ionas go dtógann siad an oiread ama is lú chuige.
Díorthaítear cothromóidí Euler-Lagrange ón bprionsabal an íosghníomhaithe. Cás ar leith de is ea prionsabal Fermat maidir le hoptaic. Is analóg chandamach de suimeáil chonair Feynman.
TioncharCuir in Eagar
Lean Abraham Demoivre (1667-1754) ar aghaidh leis an staidéar a rinne de Fermat ar ar dhóchúlacht. Chuir an matamaiticeoir Rúiseach Andrei Nicolaevich Kolmogorov (1903-1987) tuilleadh eagair air sa 20ú céad.
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |