Teoirim na gceithre dhath

Tairiscint mhatamaiticiúil gur féidir gach léarscáil ar dhromchla plánach a dhathú, gan úsáid a bhaint ach as 4 dhath ar a mhéid. Is léir nach leor 3 dhath chun réigiúin le comhtheorainneacha a idirdhealú. Thairg Francis Guthrie (1831-1899) den chéad uair i 1852 conas a chruthú gur leor 4 dhath i gcomhair gach léarscála, is cuma cruthanna na réigiún. Ach níor cruthaíodh é seo go dtí 1976 nuair a bhain na matamaticeoirí Meiriceánacha Kenneth Appel (1932-2013) agus Wolfgang Haken (1928-2022) feidhm as ríomhairí chun cruthú sásúil a thabhairt faoi dheireadh.[1]

Léarscáil shamplach

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Teoirim na gceithre dhath". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 660.