Theodore Roosevelt
Ba é Theodore "Teddy" Roosevelt (27 Deireadh Fómhair 1858 – 6 Eanáir 1919) an 26ú uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá. Státaire, polaiteoir, caomhantóir, nádúraí agus scríbhneoir a bhí ann, a bhí i bhfeidhmeannas ón 14 Meán Fómhair 1901 go dtí an 3 Márta 1909. Bhí sé ar an 25ú Leasuachtarán na Stát Aontaithe agus an 33ú Gobharnóir Nua-Eabhrac ar feadh bliain amháin (1899-1900). Ceapadh é mar Uachtarán i ndiaidh feallmharaithe William McKinley sa bhliain 1901. Is eisean duine den cheathrar uachtarán gearrtha ar Shliabh Rushmore, taobh le George Washington, Thomas Jefferson, and Abraham Lincoln.
Buachaill easláinteach a bhí ann ina óige agus an plúchadh ag cur go mór isteach air. Sin ráite, bhí sé an-tógtha le saol crua iarghúlta an iarthair agus chuaigh sé leis an bhfánaíocht agus an fheirmeoireacht i nDakota ón bhliain 1883 i leith.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |