Trainspotting (úrscéal)

An chéad úrscéal ó pheann an scríbhneora Albanaigh Irvine Welsh is ea Trainspotting a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1993. Cnuasach de ghearrscéalta atá ann i ndáiríre a insítear sa chéad phearsa ag mór-charachtair an scéil. Titeann eachtraí an leabhair amach ag deireadh na 1980idí ina bhaile dúchais Lìte, Dún Éideann, áit ina bhfuil cuid mhaith de na carachtair ag streachailt le handúil hearóine de shaghas éigin. Tá téacs an leabhair scríofa ag Welsh go neamhleithscéalach in Albainis sráide gharbh a chuireann go mór le réalachas an scéil.

WD Bosca Sonraí LeabharTrainspotting
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarIrvine Welsh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla agus an Albainis Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánAlbain, 1993 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirHarvill Secker
Tréith
Seánraúrscéal Cuir in eagar ar Wikidata
Carachtair
Suíomh scéalaíochtaDún Éideann Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
Mark Renton series (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Skagboys (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Porno Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta978-2-02-033646-8 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir OCLC34832527, 685254914 agus 164597340 Cuir in eagar ar Wikidata
Archive.org: trainspotting00wels

Tá deisceabail dhílse tuillte ag an úrscéal ó shin i leith agus chuir rath domhanda an scannáin (1996) go mór leis.

Tagairtí cuir in eagar