Trinse aigéanach
Is éard is trinse aigéanach[1] nó clais aigéanach[2] ann ná ísleán fada cúng ar ghrinneall na farraige. Suas le 100 km ar leithead, na mílte km ar fhad, suas le 4 km níos doimnhe ná an grinneall mórthimpeall. Faightear san Aigéan Atlantach iad (Clais Phórtó Ríce is Oileáin Sandwich Theas), san Aigéan Indiach (Clais Iáva), agus ar fud an Aigéin Chiúin (ina measc Clais Pheiriú is na Sile, Clais na Seapáine). Tá an doimhneacht is mó san aigéan, 11,034 km, i nDuibheagán an Challenger den Chlais Mháirianach.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““trinse aigéanach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-12-24.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Claiseanna aigéanacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 142.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |