Trombóis dhomhainfhéitheach
Téachtán fola i bhféitheacha doimhne na gcos is ea trombóis dhomhainfhéitheach.[1][2] Ní bhíonn sí marfach inti féin, ach má ghluaiseann an trombóis suas chuig an gcroí, féadfaidh sí cuid d'artaire corónach a chosc agus taom marfach croí a thosú. Féadfaidh sí dul isteach in artaire inchinne chun tús a chur le stróc.
Cineál | trombóis fhéitheach |
---|---|
Speisialtacht leighis | cairdeolaíocht |
Aicmiú | |
ICD-11 | BD71 |
ICD-10 | I80.2 |
ICD-9 | 453.40 |
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 3498 |
MedlinePlus | 000156 |
eMedicine | 1911303 |
Patient UK | deep-vein-thrombosis-pro |
Féadfaidh sí dul isteach in artaire sna scamhóga chun a n-éifeacht a laghdú agus tús a chur le taom croí.
Meastar go n-éascaíonn eitiltí fada ar eitleán an téachtadh is bun leis. Ní haon chabhair go mbíonn paisinéir fáiscthe róghar don suíochán os a chomhair amach is na cosa gan bogadh ar feadh i bhfad, go mór mór má thiteann sé ina chodladh.
Bíonn an t-aer sa chábán tirim, rud a bhaineann uisce, mar allas is gal san anáil, as an gcolainn, a thiubhaíonn an fhuil, agus a éascaíonn an téachtadh fola freisin. Go minic ní bhíonn an gnáthchodán ocsaigine san aer céanna, agus ní maith é sin ach an oiread.
Déanann ól alcóil an scéal níos measa fós. Is fearr má bhogann an paisinéir a chosa ó am go chéile, nó má shiúlann sé mórthimpeall an chábáin anois is arís. Cabhraíonn dáileog bheag aspairín sa ghnó cosanta seo, agus uisce úr a ól.[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “deep-vein thrombosis — Aistriúchán Gaeilge ar deep-vein thrombosis (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-07-18.
- ↑ ““deep vein thrombosis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-18.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Trombóis domhainfhéithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 679.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |