Gléas ceoil atá déanta as prás nó cóimhiotal eile, ina gcuirtear an t-aer ag crith trí liopaí is anáil an tseinnteora, trí bhéalóg chúng de ghnáth. I ngléasanna simplí, cosúil leis an mbuabhall, ní bhíonn ar fáil ach nótaí ag bun sraithe amónaí. I ngléasanna práis eile, le cabhair comhlaí is sleamhnán lenar féidir an fréamhnóta a athrú, bíonn an-chuid airdí le fáil. Is iad na príomhuirlisí ceolfhoirne práis an corn, an trumpa, an trombón, agus an tiúba.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síolceoil é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.