Is leacht a thriomaíonn ina scannán crua cosanta trédhearcach maisitheach é vearnais.[1] Tuaslagán de ghumaí in ola le tanadóir, cosúil le tuirpintín. I vearnaisí alcóil bíonn roisíní, cosúil le seileaic, in alcól meitile (alcól tionsclaíoch). I vearnaisí nua-aoiseacha bíonn polaiméir, cosúil le polúireatáin i dtuaslagóir. Ní bhíodh i seanleacair Shíneacha is Sheapánacha ach úscadh as crainn ar leith, agus líocha curtha leo.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): vearnais” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-03-19.
  2. Hussey, Matt (2011). "Vearnais". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 696.