Vicipéid:Laethanta roghnaithe/4 Lúnasa
Is é an 4 Lúnasa an 216ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 217ú lá i mbliain bhisigh. Tá 149 lá fágtha sa bhliain.
- 1805 – Rugadh William Rowan Hamilton, eolaí (b. 1865)
- 1859 – Rugadh Knut Hamsun, scríbhneoir (b. 1952)
- 1875 – Cailleadh Hans Christian Andersen, 70, údar agus file Danmhairge (r. 1805)
- 1904 – Rugadh Witold Gombrowicz, scríbhneoir (b. 1969)
- 1927 – Cailleadh John Dillon, 76, polaiteoir náisiúnach Éireannach (r. 1851)
- 1952 – Rugadh Moya Brennan, ceoltóir Éireannach
- 1959 – Rugadh John Gormley, polaiteoir Éireannach
- 1960 – Rugadh José Luis Rodríguez Zapatero, polaiteoir Spáinneach
- 1961 – Rugadh Barack Obama, polaiteoir agus uachtarán na Stát Aontaithe
- 1964 – Sa Dara Cogadh Ind-Síneach, mhaigh rialtas na Stát Aontaithe gur ionsaigh Vítneam Thuaidh den dara huair long de chuid Chabhlach na Stát Aontaithe i Murascaill Tonkin
- 1964 – Tháinig gníomhairí ón FBI ar chorpáin an triúr oibrithe cearta sibhialta a bhí ar iarraidh i Mississippi
- 1987 – Mhaígh dúnmharfóir na Moors gurb é a ba chiontach le 5 dúnmharú eile
- 2000 – Cailleadh Gustaw Herling-Grudziński, 81, scríbhneoir Polannach (r. 1919)