Vivion de Valera

polaiteoir agus fear gnó Éireannach

Eolaí, fear gnó agus polaiteoir Éireannach ba ea Vivion de Valera (13 Nollaig 191016 Feabhra 1982), an páiste is sine a rugadh d'Éamon de Valera, iar-Thaoiseach agus iar-Uachtarán na hÉireann, agus do Shinéad de Valera, a bhean chéile. Baisteadh Vivion as a shean-athair Juan Vivion de Valera é, fear de bhunadh na Spáinne a bhí pósta le máthair a athar agus iad ina gcónaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá sna 1880í. Is Aire Stáit é a nia Éamon Ó Cuív, agus iar-Aire í a neacht Síle de Valera.

Vivion de Valera
Teachta Dála

Nollaig 4, 1945 - Nollaig 11, 1947
Dúiche: Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh
Toghchán: fothoghchán
Teachta Dála

Feabhra 18, 1948 - Bealtaine 2, 1951
Dúiche: Baile Átha Cliath Thuaidh-Lár
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1948
Teachta Dála

Meitheamh 13, 1951 - Aibreán 23, 1954
Dúiche: Baile Átha Cliath Thuaidh-Lár
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1951
Teachta Dála

Meitheamh 2, 1954 - Nollaig 13, 1956
Dúiche: Baile Átha Cliath Thuaidh-Lár
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1954
Teachta Dála

Márta 20, 1957 - Meán Fómhair 1, 1961
Dúiche: Baile Átha Cliath Thuaidh-Lár
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1957
ionadaí do Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa

Meán Fómhair 14, 1959 - Aibreán 1, 1961
Teachta Dála

Deireadh Fómhair 11, 1961 - Márta 11, 1965
Dúiche: Baile Átha Cliath Thuaidh-Lár
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1961
Teachta Dála

Aibreán 21, 1965 - Bealtaine 21, 1969
Dúiche: Baile Átha Cliath Thuaidh-Lár
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1965
Teachta Dála

Iúil 2, 1969 - Feabhra 5, 1973
Dúiche: Baile Átha Cliath Lár
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1969
Teachta Dála

Márta 14, 1973 - Bealtaine 25, 1977
Dúiche: Baile Átha Cliath Lár
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1973
Teachta Dála

Iúil 5, 1977 - Bealtaine 21, 1981
Dúiche: Baile Átha Cliath, An Chabrach
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1977
Saol
Eolas breitheBaile Átha Cliath, 13 Nollaig 1910
NáisiúntachtÉire
BásBré, 16 Feabhra 1982
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon
Muintir
AthairÉamon de Valera
MáthairSinéad de Valera
Céile/CéilíBride Hearne (en) Aistrigh  (Meitheamh 11, 1942 -
Vera Rock (en) Aistrigh  (Meán Fómhair 20, 1975 -
Páistí
Oideachas
Alma materAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Gairm
Gairmpolaiteoir
BallraíochtTionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaFianna Fáil

Rugadh i mBaile Átha Cliath é, agus d'fhreastail sé ar Choláiste na Carraige Duibhe, ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus ar Óstaí an Rí. Agus é ina mhac léinn in UCD, bhí sé ina reachtaire ar An gCumann Liteartha agus Stairiúil[1] an choláiste.

Glaodh chun an bharra é sa bhliain 1937. Chaith sé tréimhse san arm le linn Ré na Práinne, agus chuaigh sé leis an bpolaitíocht sa bhliain 1945. Toghadh mar Theachta Dála de chuid Fhianna Fáil é, agus choimeád sé a shuíochán i nDáil Éireann go dtí na bliana 1981. Bhí sé ina stiúrthóir bainistíochta ar an nuachtán Irish Press idir 1959 agus 1981.

Cailleadh Vivion de Valera i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1982, seacht mbliana tar éis bhás a thuismitheoirí.

TagairtíCuir in Eagar