Sraith de bhialanna é Wagamama a sholáthraíonn bia Áiseach cumaisc i stíl Bheár Raman Sheapánaigh nua-aimseartha. Tháinig an chéad bhialann Wagamama ar an bhfód sa bhliain 1992 ar Sráid Gower i mBloomsbury, Londain, agus is ann di fós. Tá bialanna ag an tsraith ar fud na Ríochta Aontaithe anois, chomh maith le cinn in Éirinn, san Ollainn, sa Tuirc, san Astráil, i gCuáit, in Dubai, sa Bheilg, i Málta, sa Nua-Shéalainn, san Eilvéis, san Éigipt, sa Chipir, sa Danmhairg, sa Ghréig, agus sna Stáit Aontaithe. Sainmhíníonn an comhlacht wagamama mar "páiste toiliúil/ dána", cé gur cirte an t-aistriúchán ar an aidiacht Sheapánach an focal "leithleasach". [1]

Bosca Sonraí EagraíochtaWagamama
Sonraí
Cineálrestaurant chain (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1992
Bunaitheoir(í)Alan Yau Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
ÚinéirDuke Street Capital (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinwagamama.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: wagamama.spain Twitter: wagamama_uk Instagram: wagamama_es Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar