Yuri Gagarin
Ba spásaire Sóivéadach é Yuri Alekseyevich Gagarin (Rúisis: Юрий Алексеевич Гагарин). Ba é Yuri Gagarin an chéad duine riamh a chuaigh lasmuigh d'atmaisféar an domhain.
Luathshaol cuir in eagar
Rugadh Gagarin ar an 9 Márta, 1934 ar an taobh thiar de phríomhchathair na Rúise, Moscó.
Tháinig sé i méadaíocht ar fheirm chumannach mar a raibh a athair ina shiúinéir. Chuaigh an t-athair isteach san arm nuair a rinne an Ghearmáin ionradh ar an Rúis agus tugadh Yuri agus an chuid eile den teaghlach amach as láthair na cogaíochta.
Nuair a bhí sé san iarbhunscoil chuir Yuri spéis sa teicneolaíocht agus fuair sé oiliúint sa mhiotalóireacht.
Chuir sé spéis in eitleáin ina dhiaidh sin agus é ar choláiste agus d'fhreastail sé ar ranganna eitleoireachta. Ba léir go raibh an tallann aige mar phíolóta agus chuaigh sé isteach san Aerfhórsa nuair a bhí sé réidh leis an choláiste.
Píolóta trialach a bhí ann, eitleáin nua á dtriail aige in aois nua na scairdeitleán. Nuair a thosaigh clár taiscéalaíocht spáis na Rúise bhí Gagarin ar bís le páirt a ghlacadh ann. Bhí sé ar dhuine den seisear a oileadh mar spásairí san Aontacht Shóivéadach agus piocadh é le bheith ina phíolóta ar an chéad spáslong.
An chéad duine riamh sa spás cuir in eagar
Ar an 12 Aibreán 1961 ba é Yuri Gagarin an chéad duine riamh a chuaigh lasmuigh d'atmaisféar an domhain. Rinne sé timthriall ar an bpláinéad ar bhord an spásárthach Vostok a hAon ("Oirthear" is brí leis an bhfocal Rúisise sin vostok). Bhí sé seacht mbliana fichead d'aois nuair a teilgeadh sa spás é as Baikonur. Turas 108 nóiméad a bhí ann. Ba é 28,260 ciliméadar san uair an luas b'airde a shroich a árthach agus é sa spás.
Ba iad Sergey Korolyov agus Kerim Kerimov (nó Kərim Əli oğlu Kərimov, mar a litrítear a ainm ina theanga dhúchais féin - Asarbaiseánach a bhí ann) príomhailtirí an turais seo. Ba é Korolyov "athair na spáseitilte" san Aontas Sóivéadach.
Cáil agus bás cuir in eagar
Ón lá sin amach, 12 Aibreán 1961, bhí Gagarin ina laoch ar fud an domhain. Bhain sé an-taitneamh as a cháil.
Ar dtús, ní raibh cead ag Gagarin eitilt arís áfach. Cuireadh luach an-ard ar a shaol. Chuir an srian as go mór dó.
I 1968, thosaigh Gagarin ag dul faoi oiliúint san aer. Cúpla seachtain níos déanaí, maraíodh Gagarin i dtimpiste ar an 27 Márta 1968 agus eitleán nua (MIG-15) á thriail aige. 34 bliana d'aois a bhí sé. Bhí an timpiste faoi bhrat rúndachta, agus tá go leor conspóide ag baint leis fós.
Créamadh a chorp agus cuireadh an laoch i mballa sa Chreimil.
Gailearaí cuir in eagar
-
1964
-
1976
-
1981
-
2001
-
2001
-
2011
-
2001
-
2011
-
2011
Tagairtí cuir in eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |