Ólchúr mac Flainn
Rí b'fhéidir na Mumhan d'Uí Fiodhghinte as Luimneach ba ea Ólchúr mac Flainn (Meán-Ghaeilge Ólchobar mac Flainn) (bás 796). Is níos dóichí é, áfach, gur meascadh é le hÓlchobar mac Duib-Indrecht (bás 805)
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 796 (Féilire Ghréagóra) |
Eile | |
Teideal uasal | Rí na Mumhan |
Teaghlach | Uí Fiodhghinte |
Ba bhall é d'Uí Chonaill Gabhra, sinsir Dhónaill Uí Chonaill agus Mhíchíl Uí Choileáin. Flann mac Earca (bás 762) ba ea a athair, agus Scanlán mac Flainn (bás 786) a dheartháir, ríthe Uí Fiodhghinte beirt.[1].
Bhí a bpríomhchathair féin ag Uí Fiodhghinte, ag Dún Eochair, bunaithe na céadta bliain roimh am Ólchúir ag na Dáirine, iarcheannairí na Mumhan. Aithníodh Uí Fiodhghinte féin mar Dáirine, nó ar a laghad, meascán dóibh siúd agus d'Eoghanachta. Níorbh chóir ach muintir Chonaill Cjoirc a bheith go hiondúil ina ríthe Chaisil. Dá mba cheart iad na ginealaigh is sine ámh,[2] uncail Chonaill Choirc darbh ainm Dáire Cearba[3] ba ea sinsear Uí Fiodhghinte (agus a ngaoil Uí Liatháin).
Dá mba fhíor é gur rí Chaisil é Ólchúr, ba chomhartha é seo de mheath ciorcal istigh na nEoghanachta ag deireadh na 8ú haoise tar éis bhás Chathail mhic Finghin (bás 742). I bhfianaise a gcuid staire ámh, ní dócha é ar chor ar bith go ndearnadh rí Chaisil d'Ólchúr gan cead ón gciorcal istigh.
Is iad Annála Uladh amháin a thugann an teideal Rí Mumhan dó, ina thásc don bhliain 796.[4][5] Deir Annála Inis Faithlinn ach gurbh abb tuata Inis Cathaigh é.[6]
Tháinig a dheartháir Murchadh (bás 807) i gcomharbacht air mar Rí Uí Fiodhghinte.
Foinsí
cuir in eagar- Corpus of Electronic Texts
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Byrne, Tábla 16
- ↑ m.s. Rawlinson B 502
- ↑ seanathair an rí chumhachtaigh, Criomhthann mac Fiodaigh ba ea Dáire
- ↑ Byrne, lch. 213
- ↑ Annála Uladh, AU 796.1
- ↑ Annála Inis Faithlinn, AI 797.2