Úsáideoir:MALA2009/Máine tiúilipe

Tréimhse i Ré Órga na hOllainne ba ea máine tiúilipetulipomania (áirítear tulpenmanie, tulpomanie, tulpenwoede, tulpengekte agus bollengekte ar na hainmneacha san Ollainn). Tháinig ardú as an ngnáth ar phraghsanna conartha na mbulbaí sa tréimhse sin maidir leis an tiúilip nua a tháinig ar an margadh, agus ansin chlis orthu go tobann. Le linn uasphointe na máine tiúilipe i bhFeabhra na bliana 1637, b’fhiú 10 n-uaire ní ba mhó na conarthaí tiúilipe ná ioncam bliantúil ceardaí oilte. Meastar go ginearálta gurbh é an chéad bhoilsciú amhantrach é a bhfuil taifead déanta air. Baintear úsáid as an téarma “máine tiúilipe” go minic chun cur síos meafarach a dhéanamh ar bhoilsciú geilleagrach mór ar bith.

Bhí an t-imeacht i mbéal an phobail sa bhliain 1841 leis an leabhar Extraordinary Popular Delusions and the Madness of the Crowds a scríobh Charles Mackay, an t-iriseoir Briotanach. Dar le Mackay, tairgeadh 12 acra (5 heicteár) talún i gcomhair bulba Semper Augustus uair amháin. Maíonn Mackay gur scriosadh mórán insealbhóirí dá leithéid mar gheall ar thitim na bpraghsanna, agus d’fhulaing tráchtáil na hOllainne buille tubaisteach dá bharr. Táthar idir chamáin faoin méid a mhaígh Mackay, in ainneoin go n-aithnítear a leabhar mar shárleabhar agus go ndearnadh athchló air go minic. Tá scoláirí nua-aimseartha den bharúil nach raibh an mháine chomh neamhghnách is a dúirt Mackay go raibh; éilíonn daoine áirithe nár tharla boilsciú geilleagrach suntasach in aon chor.

Níl sé éasca taighde a dhéanamh ar an máine tiúilipe toisc nár tháinig mórán sonraí slán ó na 1630idí. Tagann formhór na sonraí as foinsí leataobhacha, frithamhantracha. Mhínigh geilleagraithe nua-aimseartha eile go raibh cúiseanna réasúnacha ag baint leis na praghsanna arda agus nár mháine amhantrach a bhí ann, ach ní ghlacann gach duine leis na mínithe sin. Mar shampla, bhí praghas ard ag baint le bláthanna eile, cosúil leis an hiasaint, nuair a tháinig sí ar dtús agus thit an praghas go suntasach ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh sé go raibh praghsanna arda ann mar go rabhthas ag súil le forógra parlaiminte chun go bhféadfaí conarthaí a neamhniú ar chostas íseal. Bheadh riosca níos lú ann do cheannaitheoirí dá bharr sin.


Stair cuir in eagar

 
Fáthscéal de mháine tiúilipe le Hendrik Gerritsz Pot, thart ar 1640. Séideann an ghaoth Flora, bandia na mbláthanna, agus marcaíonn sí in éineacht le súmaire dí, malartóirí airgid, agus bean le dhá aghaidh. Leanann fíodóirí réiciúla Haarlem iad, agus sléacht i ndán dóibh ar gharraí na farraige.


Tháinig an tiúilip ar an bhfód san Eoraip i lár an 16ú céad ón Impire Otamánach, agus bhí an-éileamh uirthi sna Cúigí Aontaithe (ar a dtugtar an Ísiltír anois). Meastar gur cuireadh tús le saothrú tiúilipí i ndáiríre sna Cúigí Aontaithe thart ar 1593 nuair a thosaigh an luibheolaí Pléimeannach, Charles de l’Écluse, ag obair in Ollscoil Leiden. Bhunaigh sé an gairdín luibheolaíoch in Leiden ar a dtugtar hortus academicus. D’fhás sé a bhailiúchán de bhulbaí tiúilipe ann ─ ba é Ogier de Busbecq, ambasadóir an Impire (Ferdinand I, an tImpire Naofa Rómhánach) don Sultán a sheol chuige iad ón Tuirc ─ agus bhí siad in ann coinníollacha crua a sheasamh sna Tíortha faoi Thoinn. Tháinig borradh mór faoin éileamh go gairid ina dhiaidh sin.

Ní raibh sé i bhfad go raibh an bláth mar shórud agus mar chomhartha stádais a raibh dúil mhór ann, agus cuireadh raidhse de chineálacha éagsúla amach ina dhiaidh sin. Rangaíodh i ngrúpaí iad; tugadh Couleren ar na tiúilipí aondathacha ar dhath dearg, buí nó bán, ach bhí an t-éileamh ba mhó ar na tiúilipí ildathacha, Rosen (dearg nó bandearg ar chúlra bán), Violetten (corcra nó liathchorcra ar chúlra bán), agus Bizarden (dearg, donn nó corcra ar chúlra buí), cé nach raibh an t-éileamh céanna ar na tiúilipí Bizarden agus a bhí ar an gcuid eile. Bhí an-tóir ar na bulbaí tiúilipe mórthaibhseacha sin – tháinig bláthanna ar a raibh dathanna, línte agus bladhmanna beoga ar na peitil astu mar thoradh, tuigtear anois, ar víreas sainiúil tiúilipe a thóg siad ar a dtugtar “Víreas scaipthe tiúilipe”, cineál víreas mósáice bulbaí.

D’ainmnigh na saothraithe na cineálacha nua sin le teidil mhórga. Cuireadh an réimír Admirael, “aimiréal”, leis na luathfhoirmeacha sin mar aon le hainmneacha na saothraithe ─ bhí Admirael van der Eijck ar cheann de na tiúilipí ba mhó meas ar an leathchéad tiúilip a ainmníodh ar an mbealach sin. Réimír eile a bhí in úsáid ba ea Generael, “ginearál”, a tugadh ar thart ar thríocha tiúilip difriúil. Tháinig cineálacha eile ina dhiaidh sin ar a raibh ainmneacha níos ardnósaí fós, a fuarthas ó Alastar Mór nó Scipio, nó fiú “Aimiréal na nAimiréal” agus “Ginearál na nGinearál”. Bhí neamhrialtacht ag baint le hainmniúchán, áfach, agus bhí athruithe le feiceáil i gcaighdeán na gcineálacha éagsúla. Níl ann d’fhormhór na gcineálacha sin anois, cé go bhfuil tiúilipí áirithe “scaipthe” cosúil leo fós ar fáil.

Fásann tiúilipí as bulbaí, agus is féidir iad a shíolrú trí shíolta agus trí bhachlóga araon. Cruthaíonn síolta a thagann as tiúilip bulba bláthach tar éis 7 – 12 bhliain. Nuair a eascraíonn bláth as bulba, imíonn an bulba bunaidh, ach tagann bulba clóin ina áit mar aon le roinnt bachlóga. Má shaothraítear i gceart iad, fásann bulbaí dá gcuid féin as na bachlóga sin. Scaipeann an víreas mósáice trí bhachlóga amháin agus ní trí shíolta. Mar sin, tógann sé na blianta na cineálacha is tarraingtí a shaothrú. Bíonn moill mhór ar shíolrú mar gheall ar an víreas. Bláthaíonn tiúilipí i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine ar feadh seachtain amháin, agus is féidir na bachlóga tánaisteacha a fheiceáil go gairid ina dhiaidh sin. Is féidir bulbaí a stoitheadh agus a bhogadh thart ó mhí an Mheithimh go mí Mheán Fómhair, agus mar sin ceannaíodh tiúilipí (sa spotmhargadh) le linn na míonna sin.

Ar feadh an chuid eile den bhliain, shínigh trádálaithe conarthaí os comhair nótaire chun tiúilipí a cheannach ag deireadh an tséasúir (conarthaí na dtodhchaíochtaí go bunúsach). Ar an mbealach sin, chruthaigh na hOllanaigh – a d’fhorbair mórán de theicnící an airgeadais nua-aimseartha – margadh le haghaidh bulbaí láidre tiúilipe. Cuireadh cosc ar ghanndíol le forógra na bliana 1610, a treisíodh sna blianta 1621 agus 1630, agus arís sa bhliain 1636. Níor ionchúisíodh na ganndíoltóirí faoi na forógraí sin, ach measadh go raibh a gconarthaí neamh-infheidhmithe.

 
Innéacs praghsanna caighdeánaithe maidir le conarthaí bulbaí tiúilipe a chruthaigh Thompson sa bhliain 2007, lch 101. Ní raibh praghas-sonraí ag Thompson idir an 9 Feabhra agus an 1 Bealtaine, agus níl eolas cruinn ann faoin meath a tharla mar sin. Tá a fhios gur tharla cliseadh i margadh na dtiúilipí i mí Feabhra, áfach, in ainneoin nach bhfuil aon eolas ar phraghsanna.

Agus fás agus forbairt ag teacht ar éileamh na mbláthanna, d’íoc na saothraithe gairmiúla praghsanna ní b’airde arís agus arís eile as na bulbaí a raibh an víreas orthu. Faoi 1634, tháinig amhantraithe isteach sa mhargadh, mar thoradh, ar bhealach, ar an éileamh ón bhFrainc. Sa bhliain 1636, chruthaigh na hOllannaigh cineál de mhargaí foirmiúla todhchaíochtaí inar díoladh agus inar ceannaíodh conarthaí chun bulbaí a cheannach ag deireadh an tséasúir. Bhuaileadh trádálaithe lena chéile i dtábhairní agus iad i ngrúpaí ar a dtugtaí “coláistí” (colleges). B’éigean do na ceannaitheoirí táille 2.5% a íoc in aghaidh gach trádála, nó isteach agus amach le trí fhlóirín ar a mhéad, táille “airgead fíona”. Níor íoc ceachtar den dá dhream éarlais tosaigh ná éarlais mharcála ón margadh, agus bhí gach conradh leis na contrapháirtithe ar leith agus ní leis an malairt. Tharla cliseadh sa mhargadh i bhFeabhra na bliana 1637 agus, mar gheall air sin, níor seachadadh aon rud riamh chun na conarthaí sin a chur i gcrích. In Haarlem a bhí an trádáil ba mhó ar siúl san am ba mheasa d’eipidéim phlá bhúbónach, agus seans gur chuir sí leis an gcultúr d’fhiontraíocht chinniúnaíoch.

Lean praghas conartha na mbulbaí neamhchoitianta ag ardú le linn na bliana 1636. Sa bhliain chéanna i mí na Samhna, tháinig ardú ar phraghas conartha na ngnáthbhulbaí, nach raibh an víreas luachmhar mósáice orthu. Thug na hOllannaigh windhandel (“trádáil ghaoithe” go liteartha) ar thrádáil chonarthaí tiúilipe. Cur síos dímheasúil a bhí ann mar nach raibh bulbaí ar bith ag dul ó dhuine go duine. Tharla cliseadh i bpraghsanna conartha na mbulbaí tiúilipe, áfach, i bhFeabhra na bliana 1637, agus stop trádáil na dtiúilipí go tobann.

Praghas-sonraí atá ar fáil cuir in eagar

 
Still-Life of Flowers, le Ambrosius Bosschaert (1573 – 1621), a bhí mar ealaíontóir i Ré Órga na hOllainne. Tá an pictiúr ar taispeáint in iarsmalann Alte Pinakothek, in München

Ní raibh comhsheasmhacht sna praghas-sonraí a taifeadadh sna 1630idí agus tá sé deacair méid na máine tiúilipe a mheas dá bharr. Tagann formhór na sonraí atá ar fáil ó phaimfléid fhrithamhantracha “Gaergoedt and Warmondt” (GW), a scríobhadh díreach i ndiaidh an bhoilscithe. Bhailigh an geilleagraí, Peter Garber, sonraí maidir le díolachán 161 bulba, ina raibh 39 cineál, idir na blianta 1633 agus 1637, agus choinnigh GW taifead de 53 bulba. Coinníodh cuntas de nócha a hocht díolachán an 5 Feabhra, dáta deireanach an bhoilscithe, agus iad ar phraghsanna a bhí an-éagsúil óna chéile. Baineadh úsáid as teicnící éagsúla margaíochta sna díolacháin sin: trádáil todhchaíochtaí ag na coláistí, spotdíolacháin a rinne na saothraithe, díolacháin todhchaíochtaí ag na saothraithe a ndearnadh nótaireacht orthu, agus díolacháin eastáit. “To a great extent, the available price data are a blend of apples and oranges,” dar le Garber.

Madness of Crowds de chuid Mackay cuir in eagar

Earraí a bhí in ainm a bheith malartaithe ar bhulba amháin den chineál Viceroy Dhá lasta cruithneachta 448ƒ Ceithre lasta seagail 558ƒ Ceithre dhamh ramhra 480ƒ Ocht mucra ramhra 240ƒ Dhá chaora dhéag ramhra 120ƒ Dhá oigiséad fíona 70ƒ Ceithre thonna beorach 32ƒ Dhá thonna ime 192ƒ 1,000 punt cáise 120ƒ Leaba iomlán 100ƒ Culaith éadaigh 80ƒ Cuach airgid 60ƒ Iomlán 2500ƒ

Cuireadh tús leis an díospóireacht nua-aimseartha faoi mháine tiúilipe leis an leabhar Extraordinary Popular Delusions and the Madness of Crowds, a d’fhoilsigh an t-iriseoir Albanach, Charles Mackay, sa bhliain 1841. Dúirt sé gur minic a bhaineann iompar neamhréasúnach le sluaite daoine agus luaigh sé máine tiúilipe, mar aon le South Sea Bubble (cuideachta comhstoic Sasannach) agus scéim an Mississippi Company, mar shamplaí. Fuair sé foinsí a chuid tuairimí, den chuid is mó, i saothar a scríobh Johann Beckmann sa bhliain 1797 dar teideal A History of Inventions, Discoveries, and Origins. Is amhlaidh a tháinig foinse chuntas Beckmann go príomha ─ agus foinse chuntas Mackay, dá réir sin ─ as trí phaimfléad le clár frithamhantrach nach raibh ainm údair leo, a foilsíodh sa bhliain 1637. Bhí éileamh ar leabhar beoga Mackay i measc glúine geilleagraithe agus rannpháirtithe stocmhargaidh. Tá a chur síos ar mháine tiúilipe mar bhoilsciú amhantrach, ar a raibh an-mheas ach go raibh sé lochtach, suntasach i gcónaí, cé gur bhain geilleagraithe béim síos as mórán gnéithe dá chuntas ó na 1980idí i leith.

Dar le Mackay, tharraing éileamh na dtiúilipí a bhí ag dul i méid go luath sna 1600idí aird an náisiúin go léir; “the population, even to its lowest dregs, embarked in the tulip trade”. Faoi 1635, taifeadadh gur díoladh 40 bulba ar 100,000 flóirín (ar a thugtaí guildear na hOllainne freisin). Ar mhaithe le comparáid a dhéanamh, chosain tonna ime thart ar 100 flóirín, d’fhéadfadh oibrí ilcheardach 150 flóirín a thuilleamh in aghaidh na bliana, agus chosain “ocht mucra ramhra” 240 flóirín. (Dar leis an Institiúid Idirnáisiúnta um Stair Shóisialta (Internationaal Instituut voor Sociale Geschiedenis, IISG san Ollainnis), bhí cumhacht ceannaigh 10.28 ag flóirín amháin sa bhliain 2002).

Faoi 1636, rinneadh tiúilipí a dhíol agus a cheannach ar na malartáin in go leor bailte agus cathracha san Ollainn. Spreag sin trádáil tiúilipí i measc gach ball den phobal. Thug Mackay faisnéis faoi dhaoine a dhíol nó a thrádáil a gcuid earraí eile chun dul san fhiontar sa mhargadh tiúilipe. Tairgeadh 12 acra (49,000 méadar cearnach) talún chun ceann den dá bhulba Semper Augustus a cheannach, cuir i gcás, nó íocadh as bulba amháin de chineál Viceroy le ciseán earraí (féach ar dheis) arbh fhiú 2,500 flóirín é.

Many individuals grew suddenly rich. A golden bait hung temptingly out before the people, and, one after the other, they rushed to the tulip marts, like flies around a honey-pot. Every one imagined that the passion for tulips would last for ever, and that the wealthy from every part of the world would send to Holland, and pay whatever prices were asked for them. The riches of Europe would be concentrated on the shores of the Zuyder Zee, and poverty banished from the favoured clime of Holland. Nobles, citizens, farmers, mechanics, seamen, footmen, maidservants, even chimney-sweeps and old clotheswomen, dabbled in tulips.

 
Paimfléad ó mháine tiúilipe na hOllainne a clódh sa bhliain 1637

Thug Mackay faisnéis faoi roinnt scéilíní, a bhí greannmhar ach éagosúil, a tharla mar gheall ar an máine a bhí ag dul i méad. Luaigh sé mairnéalach a d’ith bulba luachmhar tiúilipe a bhí i seilbh ceannaí mar cheap sé gurbh oinniún a bhí ann. Chuaigh an ceannaí agus a theaghlach sa tóir ar an mairnéalach agus tháinig siad air ag ithe bricfeasta, “whose cost might have regaled a whole ship’s crew for a twelvemonth”. Cuireadh an mairnéalach sa phríosún as an mbulba a ithe.

Cheannaigh daoine bulbaí ar phraghsanna ní b’airde ná riamh, agus é mar aidhm acu iad a athdhíol chun brabús a dhéanamh. Ní fhéadfadh scéim dá leithéid leanúint ar aghaidh, áfach, mura raibh duine éigin sásta, ar deireadh, praghsanna arda mar sin a íoc agus seilbh a ghabháil ar na bulbaí. I bhFeabhra na bliana 1637, níorbh fhéidir le trádálaithe tiúilipe ceannaitheoirí nua a aimsiú a thuilleadh a bheadh sásta praghsanna boilscithe a bhí ag dul i méad a íoc as a mbulbaí. De réir mar a thángthas ar an tuiscint sin, thit an tóin as éileamh na dtiúilipí, agus thit praghsanna go tobann ─ stop an boilsciú amhantrach. Bhí daoine ann le conarthaí chun tiúilipí a cheannach ar phraghsanna a bhí deich n-uaire ní b’airde ansin ná mar a bhí ar an margadh oscailte, agus bhí daoine eile ann a raibh bulbaí acu nárbh fhiú codán an phraghais a d’íoc siad astu. Mhaígh Mackay gur throchlaigh na hOllannaigh agus go raibh siad ag gearán agus ag comhchoiriú le daoine eile sa trádáil.

D’impigh na hamhantraithe tiúilipe, a bhí faoi bhrú, cúnamh ó rialtas na hÍsiltíre. Dúirt rialtas na hÍsiltíre go bhféadfadh duine le conarthaí chun bulbaí a cheannach sa todhchaí a chonradh a neamhniú le híocaíocht táille 10 faoin gcéad. Rinneadh iarrachtaí an fhadhb a réiteach chun gach duine a shásamh, ach níor éirigh leis na hiarrachtaí sin. Deir Mackay gur stop an mháine ar deireadh agus bhí daoine fágtha leis na bulbaí a bhí acu ag deireadh an chliste. Ní raibh aon chúirt sásta íocaíocht chonartha a chur i bhfeidhm, mar mheas breithiúna gurbh as cearrbhachas a tháinig na fiacha, agus nach raibh siad inchurtha i bhfeidhm sa dlí mar sin.

Dar le Mackay, tharla máine tiúilipe in áiteanna eile san Eoraip, cé nach raibh cúrsaí chomh dáiríre sna háiteanna sin is a bhí siad san Ísiltír. Mhaígh sé ina theannta sin go raibh lag trá eacnamaíochta ar fud na hÍsiltíre ar feadh blianta ina dhiaidh sin mar thoradh ar dhíbhoilsciú phraghas na dtiúilipí.


Tuairimí nua-aimseartha cuir in eagar

 
Pictiúr dobharlí de chineál Semper Augustus ón 17ú céad a tharraing ealaíontóir gan ainm. Tá cáil ar an Semper Augustus toisc gurbh é an tiúilip ba chostasaí a díoladh le linn na máine tiúilipe.

Níor chuir aon duine i gcoinne cuntas Mackay ar an máine dhomínithe agus ní dhearnadh mórán scrúdú air go dtí na 1980í. Tugann taighde a rinneadh ar mháine tiúilipe le fiche bliain anuas le tuiscint, áfach, go raibh an scéal sin neamhiomlán agus neamhchruinn. Is iad daoine a thacaíonn le hipitéis an mhargaidh éifeachtaigh den chuid is mó a thugann é sin le tuiscint (daoine iad a bhíonn níos díchreidmhí go ginearálta faoi bhoilsciú amhantrach). Tá Anne Goldgar den bharúil in Tulipmania, anailís léannta a scríobh sí in 2007, nár bhain an feiniméan ach le grúpa réasúnta beag. Deir sí go bhfuil formhór na gcuntas ón tréimhse sin bunaithe ar “one or two contemporary pieces of propaganda and a prodigious amount of plagiarism”. Deir Peter Garber gurbh éard a bhí i gceist leis an mboilsciú ná “no more than a meaningless winter drinking game, played by a plague-ridden population that made use of the vibrant tulip market.”

Dar le Mackay, bhí baint ag réimse leathan den phobal leis an trádáil tiúilipe. Ach sa staidéar a rinne Goldgar ar chonarthaí atá curtha i gcartlann, léirigh sí gur cheannaithe saibhre agus ceardaithe oilte saibhre beagnach gach duine a bhí i mbun na trádála, fiú ag buaic na trádála i dtiúilipí, ach nach raibh baint ag daoine uaisle inti. Bhí teorainn le hiarmhairt gheilleagrach ar bith a tharla mar gheall ar an mboilsciú. Shainaithin Goldgar go leor ceannaitheoirí agus díoltóirí suntasacha sa mhargadh agus thug sí le tuiscint nach raibh fadhbanna airgid ach ag níos lú ná seisear acu sa tréimhse ama sin. Ní léir go raibh an milleán le cur ar na tiúilipí sna cásanna sin fiú. Ní haon ionadh gur mar sin a bhí cúrsaí. Cé go raibh ardú tagtha ar phraghsanna, níor aistríodh airgead ar bith idir na díoltóirí agus na ceannaitheoirí. Mar sin, níor thuill na díoltóirí aon bhrabús; murar cheannaigh díoltóirí aon rud ar cairde agus iad ag súil le brabús, níor chaill aon duine airgead mar gheall ar an gcliseadh sna praghsanna.


Mínithe réasúnacha cuir in eagar

 
Tiúilipí a phéinteáil Hans Gillisz. Bollongier (ca. 1600 – idem 1645).

Is cinnte gur ardaigh praghsanna ar chonarthaí bulbaí tiúilipe agus ansin gur thit siad idir 1636 agus 1637, ach ní hionann ardú agus titim dhrámata sna praghsanna agus forbairt ar bhoilsciú amhantrach nó geilleagrach agus cliseadh an bhoilscithe sin. Chun máine tiúilipe a bheith cáilithe mar bhoilsciú geilleagrach, bheadh gá le praghas na mbulbaí tiúilipe a bheith scoite ó luach intreach na mbulbaí. Tá roinnt cúiseanna féideartha curtha ar aghaidh ag geilleagraithe nua-aimseartha maidir leis an gcúis nár boilsciú a bhí i gceist leis an ardú agus an titim sna praghsanna.

Bhí nasc idir na harduithe a tharla sna 1630idí agus an sámhnas a tharla le linn an Chogaidh Tríocha Bliain. Dá bhrí sin, bhí margadhphraghsanna (ar dtús ar aon nós) ar aon dul leis an ardú san éileamh. Bhí an titim sna praghsanna ní ba thapúla agus ní ba dhrámata ná an t-ardú, áfach. Ní raibh mórán rian de shonraí díolacháin tar éis na titime maidir le praghsanna bulbaí i bhFeabhra na bliana 1637, ach léiríonn cúpla sonra eile i ndiaidh na máine tiúilipe go raibh na bulbaí ag cailleadh luacha i gcónaí ar feadh fiche nó tríocha bliain ina dhiaidh sin.


Luaineacht i bpraghsanna na mbláthanna cuir in eagar

Chuir Garber na praghas-sonraí a bhí ar fáil faoi na tiúilipí i gcomparáid le praghsanna na hiasaintí ag tús an 19ú céad ─ ghlac an hiasaint áit na tiúilipe mar an bláth faiseanta ─ agus d’aimsigh sé pátrún a bhí ar an gcuma chéanna. Nuair a tháinig na hiasaintí ar an margadh bhí bláthadóirí i gcoimhlint lena chéile chun hiasaintí áille a fhás, toisc go raibh éileamh mór orthu. Thit na praghsanna de réir mar a fuair daoine cleachtadh ar na hiasaintí, áfach. Bhí titim 1 – 2 faoin gcéad de bhuaicluach na mbulbaí ba chostasaí laistigh de 30 bliain. Thug Garber an méid seo faoi deara freisin: “a small quantity of prototype lily bulbs recently was sold for 1 million guilders ($480,000 at 1987 exchange rates)”, rud a léirigh gur féidir le bláthanna praghsanna an-arda a bhaint amach sa lá atá inniu ann fiú. Ina theannta sin, tharla an t-ardú sna praghsanna nuair a bhí na bulbaí curtha don bhliain agus mar sin ní bheadh an deis ag saothraithe táirgeadh a mhéadú de réir mar a bhí an praghas ag dul i méid.

Athruithe dlí cuir in eagar

 
Íocadh 1045 flóirín as Admirael van der Eijck ó chatalóg 1637 P.Cos. an 5 Feabhra, 1637.

I bpáipéar a scríobh sé in 2007, bhí Earl A. Thompson, ollamh le heacnamaíocht in Ollscoil California, Los Angeles, den bharúil nach dtugann Garber míniú ar an titim thobann i bpraghsanna chonarthaí na mbulbaí tiúilipe. Ba é 99.999% an ráta bliantúlaithe praghastitime, in ionad 40% a bhí mar mheán na mbláthanna eile. Thug sé míniú eile ar mháine tiúilipe na hOllainne. Bhí parlaimint na hOllainne ag smaoineamh ar fhorógra (a bhí urraithe ar dtús ag insealbhóirí tiúilipe na hOllainne a raibh airgead caillte acu i meathlú na Gearmáine sa Chogadh Tríocha Bliain) a thabhairt isteach a d'athródh an bealach a n-oibreodh na conarthaí tiúilipe:

On February 24, 1637, the self-regulating guild of Dutch florists, in a decision that was later ratified by the Dutch Parliament, announced that all futures contracts written after November 30, 1636 and before the re-opening of the cash market in the early Spring, were to be interpreted as option contracts. They did this by simply relieving the futures buyers of the obligation to buy the future tulips, forcing them merely to compensate the sellers with a small fixed percentage of the contract price.

Sula raibh trácht ar an bhforógra parlaiminteach sin, bhí oibleagáid dhlíthiúil ar an duine a cheannaigh conradh tiúilipe na tiúilipí a cheannach ─ tugtar conradh todhchaíochtaí ar an gconradh tiúilipe in airgeadas nua-aimseartha. D’athraigh an forógra cineál na gconarthaí seo, sa chaoi agus dá dtitfeadh an margadhphraghas reatha go bhféadfadh an ceannaitheoir pionós a íoc agus admháil an bhulba a ligean uaidh, seachas an praghas iomlán conartha a íoc. I dtéarmaíocht nua-aimseartha, is é an chiall a bhí leis an athrú sin sa dlí ná gur aistríodh conarthaí todhchaíochtaí go conarthaí roghanna. Cuireadh i gcoinne an mholta sin i bhfómhar na bliana 1636, agus seans go n-ardófaí praghsanna dá mbeadh sé soiléir do na hinsealbhóirí gur chosúil go n-achtófaí an forógra.

Thug an forógra seo cead do dhuine a cheannaigh conradh an conradh a neamhniú le híocaíocht 3 ½ faoin gcéad den phraghas conartha (nó thart ar 1/30ú cuid den chonradh). Mar sin, cheannaigh insealbhóirí conarthaí costasacha a bhí ag éirí ní ba chostasaí de réir a chéile. D’fhéadfadh amhantraí conradh a shíniú chun tiúilip a cheannach ar 100 gildear. Dá n-ardódh an praghas os cionn 100 gildear, dhéanfadh an t-amhantraí brabús. Dá bhfanfadh an praghas íseal, d’fhéadfadh an t-amhantraí an conradh a neamhniú agus ní chosnódh sé ach 3 ½ gildear. Mar sin, ní chosnódh conradh níos mó ná 3 ½ gildear ar an insealbhóir, cé go mbeadh costas ainmniúil 100 gildear ar an gconradh. Go luath i mí Feabhra, de réir mar a tháinig praghsanna conartha chun buaice, chuir údaráis na hOllainne a ladar isteach agus chuir siad stop le trádáil na gconarthaí sin.

Deir Thompson gur fhan díolachán iarbhír na mbulbaí tiúilipe ar ghnáthleibhéil le linn na tréimhse sin. Mar sin, críochnaíonn Thompson leis an tuairim gur fhreagairt réasúnach ar na hathruithe sna hoibleagáidí conartha a bhí sa “mháine”. Agus é ag úsáid sonraí faoi na híocaíochtaí ar leith maidir leis na conarthaí todhchaíochtaí agus na conarthaí rogha, áitíonn Thompson gur réitigh praghsanna conartha na mbulbaí tiúilipe le sampla réasúnach geilleagrach a bheadh leagtha síos; “Tulip contract prices before, during, and after the ‘tulipmania’ appear to provide a remarkable illustration of ‘market efficiency’.”

Criticí cuir in eagar

Tá geilleagraithe eile den bharúil nach féidir leis na heilimintí seo míniú iomlán a thabhairt ar ardú ná ar thitim dhrámata i bpraghsanna na dtiúilipí. Cuireadh in aghaidh theoiric Garber freisin toisc nach dtugtar míniú inti ar ardú ná ar thitim dhrámata, ar an gcuma chéanna, i bpraghsanna maidir le gnáthchonarthaí bulbaí tiúilipe. Léiríonn roinnt geilleagraithe tosca eile freisin a bhaineann le boilsciú amhantrach, cosúil le beartas airgeadaíochta a mhaolú (ardú i soláthar airgid), mar a léirítear le tosca ar nós an borradh a tháinig ar líon an airgid a cuireadh i dtaisce i mBanc Amstardam le linn thréimhse na máine tiúilipe.

Máine shóisialta agus oidhreacht cuir in eagar

 
Garraí tiúilipí in Hillegom, an Ísiltír, sa lá atá inniu ann ─ tá éileamh ar na tiúilipí i gcónaí in ainneoin na staire spleodraí a bhaineann leo.

Tá scéal Mackay i mbéal an phobail go dtí an lá inniu, agus bíonn eagráin nua de Extraordinary Popular Delusions ar fáil ar na seilfeanna go rialta, ina bhfuil réamhráite ó scríbhneoirí cosúil leis an airgeadaí Bernard Baruch (1932), na scríbhneoirí airgeadais Andrew Tobias (1980) agus Michael Lewis (2008), agus an síceolaí David J. Schneider (1993). Tá sé eagrán ar a laghad i gcló faoi láthair.

Áitíonn Goldgar nár bhoilsciú amhantrach ná geilleagrach a bhí sa mháine tiúilipe, ach gur chuir sé isteach go mór ar mhuintir na hOllainne mar sin féin ar chúiseanna eile. “Even though the financial crisis affected very few, the shock of tulipmania was considerable. A whole network of values was thrown into doubt.” Sa 17ú céad, bhí sé deacair d’fhormhór na ndaoine a chreidiúint go bhféadfadh gnáthrud ar nós blátha luach chomh hard sin a bhaint amach. B’fhiú ní ba mhó é ná an méid a thuill formhór na ndaoine in aon bhliain amháin. Bhí an tuiscint a bhain le “luach” ina cíor thuathail, toisc go bhféadfadh praghas na mbláthanna, a fhásann sa samhradh amháin, a bheith ag dul i méid chomh mór sin sa gheimhreadh.

Luaitear mórán de na foinsí a rinne trácht ar léanta na máine tiúilipe, ar nós na bpaimfléad frithamhantrach a ndearna Beckmann agus Mackay tuairisc orthu ní ba dhéanaí, mar fhianaise ar mhéid an damáiste gheilleagraigh. Níor scríobh an dream a bhí thíos leis an mboilsciú na paimfléid seo. Spreagadh daoine ar chúinsí reiligiúnacha go príomha chun iad a scríobh. Breathnaíodh ar an mórchlaochlú mar chorbadh ar an ord mórálta ─ cruthúnas a bhí ann gurbh fhéidir ainiarmhairtí a bheith ann mar thoradh ar “concentration on the earthly, rather than the heavenly flower”. Mar sin, d’fhéadfadh sé gur ghlac imeacht geilleagrach a bhí réasúnta beag saolré dá chuid féin mar fhabhalscéal morálta. Beagnach céad bliain ina dhiaidh sin, le linn chliseadh Mississippi Company agus South Sea Company thart ar 1720, luadh máine tiúilipe in aortha faoi na máiní eile sin. Nuair a rinne Johann Beckmann cur síos ar mháine tiúilipe den chéad uair sna 1780idí, chuir sé í i gcomparáid leis na crannchuir mheathlacha ag an am. Dar le Goldgar, bhain mórán saothar coitianta faoi mhargaí airgeadais a raibh éileamh orthu fiú ─ cosúil le A Random Walk Down Wall Street (1973) le Burton Malkiel agus A Short History of Financial Euphoria (1990; a scríobhadh go gairid i ndiaidh chliseadh an stocmhargaidh i 1987) le John Kenneth Galbraith ─ úsáid as an máine tiúilipe mar cheacht moráltachta.

Is cuid lárnach d’úrscéal Gregory Maguire, Confessions of an Ugly Stepsister, é luaineacht an mhargaidh tiúilipe freisin.

Ba phointe tagartha í an mháine tiúilipe arís agus arís eile le linn an bhoilscithe dot-com idir na blianta 1995 agus 2001. Le gairid, chuir iriseoirí géarchéim an mhorgáiste fhophríomha i gcomparáid leis an máine tiúilipe. In ainneoin go bhfuil an mháine go leanúnach i mbéal an phobail, tá an méid seo ráite ag Daniel Gross ón irisleabhar Slate, maidir le geilleagraithe a thugann mínithe an mhargaidh éifeachtaigh ar an máine: “If they’re correct ... then business writers will have to delete Tulipmania from their handy-pack of bubble analogies.”