Innealtóir, ceapadóir is tionsclóir a rugadh i mBaile Átha Cliath ab ea Alexander Mitchell (1780-1868).

Infotaula de personaAlexander Mitchell
Beathaisnéis
Breith13 Aibreán 1780
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Meitheamh 1868
88 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAcadamh Ríoga Bhéal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairminnealtóir Cuir in eagar ar Wikidata

Agus é óg, bhog an chlann go Béal Feirste. Bhí luí aige le matamaitic, ach chaill sé radharc na súl roimh 16 bliana d'aois.

Maplin Sands

Bhunaigh Mitchell monarcha brící agus rinne go maith thar 30 bliain.

Sna 1830idí fuair Mitchell paitinn ar scriú píle is feiste loinge, modh simplí le tithe solais a thógáil, rabhcháin a chur suas agus longa a fheistiú in uisce domhain, ar oitreacha láibe is gaineamh reatha. Baineadh úsáid as a chóras den chéad uair i 1838 i dtógáil theach solais Maplin Sands ag béal na Tamaise, agus ina dhiaidh sin i bhFleetwood, ar Loch Bhéal Feirste, Baile na Cúirte, Dún Dealgan, Cóbh agus ar fud impireacht na Breataine.

Modh

Sa bhliain 1847 cheap Mitchell saghas nua loinge le lián bíse a bhí in ann luasanna níos airde is ídiú níos lú guail a bhaint amach.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Alexander Mitchell". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 463.