Anamóine
géineas plandaí
Planda ilbhliantúil a fhaightear ar fud an leathsféir thuaidh, fiú sna réigiúin Artacha, go minic i gcoilíneachtaí móra. Na bláthanna le 5-9 teascán iombhlátha, bán, buí, bándearg nó gorm. Léiríonn hibridí raon níos leithne dathanna. Bíonn fáinne duilleog beag roinnte ar ghas na mbláthanna dhá thrian den airde suas. Tagann na príomhduilleoga bunata amach níos déanaí.[1]
Anemone | |
---|---|
Anemone coronaria | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Ranunculales |
Fine | Ranunculaceae |
Géineas | Anemone L., 1753 |
Ainmníocht | |
Ainmnithe in ómós | Anemone |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Anamóine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 38.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |