Athair Virginia
Dhá shaghas dreapairí duillsilteacha, cosúil le teannóga, a iompraíonn meatháin, bláthanna bídeacha glasa, is duilliúr glédhearg sa bhfómhar is ea athair Virginia.[1] Saothraítear an dá cheann ar fud an Domhain mar phlandaí maisiúcháin. An ceann atá dúchasach d'oirthuaisceart Mheiriceá, tá duilleoga bosacha le 5 dhuilleoigín biorach aige. An dara ceann atá dúchasach don tSín is an tSeapáin, duilleoga trímhaothánacha atá aige.[2]
Parthenocissus quinquefolia | |
---|---|
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 192160722 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Vitales |
Fine | Vitaceae |
Géineas | Parthenocissus |
Speiceas | Parthenocissus quinquefolia Planch. |
Ainmníocht | |
Basainm | Hedera quinquefolia |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Parthenocissus quinquefolia” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Athair Virginia". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 53.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |