Augustin Pyrame de Candolle
luibheolaí Eilvéiseach
Luibheolaí a rugadh sa Ghinéiv san Eilvéis ab ea Augustin Pyrame de Candolle (4 Feabhra 1778 – 9 Meán Fómhair1841). Shaothraigh sé córas ginearálta tacsanamaíochta i gcomhair plandaí ina Théorie Élémentaire de la Botanique (Teoiric Bhunúsach na Luibheolaíochta, 1813) a d'fhan ceannasach i rangú plandaí ar feadh leathchéad bliain. D'eisigh sé sraith imleabhar ar luibheolaíocht a chríochnaigh a mhac Alphonse de Candolle (1806-1893). Chabhraigh sé go mór le bunú gheografaíocht na bplandaí, agus chun an gaol idir fásra is saghas ithreach a léiriú. Fuair sé bás in aois a 63 bliana sa Ghinéiv.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Augustin Pyrame de Candolle". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 112.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |