Balsaimín
Ball ornáideach de chineál mór plandaí bliantúla agus ilbhliantúla atá dúchasach don Eoraip, don Áise, do Mheiriceá Thuaidh agus do chodanna den Afraic. Na gais sa chineál uisciúil agus trédhearcach, na duilleoga ailtéarnach nó urchomhaireach, ubhchruthach agus fiaclach, agus na bláthanna ag crochadh go cothrománach ó ghas tanaí le cúig pheiteal atá dioscach le spor tanaí cuartha nó déliopach le píobán i bhfoirm thonnadóra agus spor. Borann an chailís go mbíonn cosúil le bolgán leis na caora torthaithe inti go dtí go bpléacsann go sochloiste chun na síolta a scaipeadh. Samplaí eile den chineál is ea an balsam gáirdín, an balsaimín buí, an balsaimín flannbhuí agus lus na pléisce.
Impatiens walleriana | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Ericales |
Fine | Balsaminaceae |
Géineas | Impatiens |
Speiceas | Impatiens walleriana Hook.f. |
Tagairtí
cuir in eagarTá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |