Balsam
Speiceas an-mhór plandaí bliantúla is ilbhliantúla is ea balsam. Dúchasach don Eoraip, an Áise, an chuid is mó den Afraic, agus tuaisceart Mheiriceá. A ghais tréshoilseach uisciúil. A dhuilleoga ailtéarnach nó urchomhaireach, ubhchruthach fiaclach. Na bláthanna ar crochadh go cothrománach ó ghas caol taibhseach siogamorfach, casta le 5 pheiteal maol is spor cuartha caol, nó déliopach le feadán tonnadóirchruthach is spor. Capsúl atá sa toradh, a phléascann go sochloiste agus a scaipeann na síolta. Hibrid le bláthanna dearga, bándearga nó bána is ea an balsaimín.[1]
Balsaminaceae | |
---|---|
lus na pléisce | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Ericales |
Fine | Balsaminaceae Rich., 1822 |
Cineál tacsanomaíoch | Balsamina |
Ainmníocht | |
Stádas ainmníochta | nomen conservandum |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Balsam". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 61.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |