Bolgach Moncaí
Is galar tógálach víreasach í an bholgach moncaí a thagann ar ainmhithe áirithe, daoine san áireamh.[1] Is iad fiabhras, tinneas cinn, pianta matáin, nóid limfe atá, agus tuirse na comharthaí is luaithe.[2] Ina dhiaidh sin tagann gríos ar an othar ar a dtagann spuaiceanna agus gearb.[2] 10 lá an tréimhse is tipiciúla ó theagmháil go tús na gcomharthaí.[2] De ghnáth maireann na comharthaí idir dhá agus ceithre seachtaine.[2]
![]() ![]() | |
Cineál | galar víreasach tógálach, Poxviridae infectious disease (en) ![]() ![]() |
---|---|
Speisialtacht leighis | galair thógálacha ![]() |
Cóireáil chliniciúil | |
Comharthaí | spuaic, fiabhras, tinneas cinn, miailge, scornach nimhneach, liomfadanapaite agus tochas ![]() |
Scrúduithe | scrúdú fisiciúil, micreascóp solais, leictreonmhicreascóp agus imoibriú slabhrúil polaiméaráise ![]() |
Cógais | |
Pataigineas | |
Tarchur pataigineach | tras-seoladh aeriompartha, contact transmission (en) ![]() ![]() ![]() |
Cúis | Monkeypox virus ![]() |
Aicmiú | |
ICD-10 | B04 ![]() |
ICD-9 | 059.01 ![]() |
CIAP | A76 ![]() |
Acmhainní seachtracha | |
eMedicine | 1134714 ![]() |
MeSH | D045908 ![]() |
UMLS CUI | C0276180 ![]() |
DOID | DOID:3292 ![]() |
StairCuir in Eagar
Sa bhliain 1958 a aithníodh an bholgach moncaí den chéad uair, i measc mhoncaí saotharlainne i gCóbanhávan na Danmhairge.[3] Ní stór nádúrtha an víris iad moncaithe.[4] Thángthas ar na chéad chásanna i ndaoine in 1970 i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.[3]
Rianaíodh ráig sna Stáit Aontaithe in 2003 ar ais go siopa peataí inar díoladh creimirí a iompórtáladh ó Ghána iad.[5]
ComharthaíCuir in Eagar
Is iad fiabhras, tinneas cinn, pianta matáin, at sna nóid limfe, agus tuirse na comharthaí is luaithe.[6] Bíonn an galar cosúil leis an deilgneach, an bhruitíneach agus an bholgach Dé ar an taobh amuigh ar tús, ach aithnítear an bholgach moncaí ar at suntasach na bhfaireog.[6] De ghnáth bíonn sé seo le feiceáil in aice leis an gcluas agus leis an bhfód, sa mhuineál, nó sa bhléin roimh thús an ghrís.[7]
Tar éis cúpla lá fiabhrais, is gnách go bhfeictear loit ar an aghaidh sula dtagann siad ar áiteanna eile, na lámha agus na cosa mar shampla.[6] Is minic a thagann loit ar na bosa, ar na boinn, sa bhéal, ar na giniúna agus sna súile freisin.[6] D'fhéadfadh an duine atá buailte fanacht tinn idir dhá agus ceithre seachtaine.[2]
ScaipeadhCuir in Eagar
Tagann an víreas isteach sa chorp trí chraiceann briste (fiú mura bhfuil sé le feiceáil), nó na seicní múcasacha (súile, srón nó béal) don chuid is mó. Ceaptar go scaiptear ó dhuine go duine é trí dhlúth-theagmháil le duine ionfhabhtaithe. Is féidir é a tharchur ó ainmhí go duine tarlú trí ghreim nó scríobadh, ullmhú feola fiáine, teagmháil dhíreach le sreabháin choirp nó fíochán loit, nó teagmháil indíreach le fíochán loit, trí leapachas éillithe mar shampla.[8]
Ráig sa bhliain 2022Cuir in Eagar
Idir Bealtaine-Iúil 2022, bhí 16,000 cás dearbhaithe ar fud an domhain.[9] Thosaigh an ráig seo sa Ríocht Aontaithe i mí na Bealtaine 2022, agus tharla an líon is mó cásanna sa Bhreatain.
Dhearbhaigh an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú gur taifeadadh cúpla céad cás den bholgach moncaí faoi Bhealtaine 2022, taobh amuigh de thíortha ina bhfuil an víreas eindéimeach. B'shin é an chéad uair a tuairisicíodh cásanna den ghalar san Eoraip nach raibh aon nasc eipidéimeolaíochta acu le hiarthar nó lár na hAfraice.[10] Bhí cás amháin ar a laghad den bholgach moncaí taifeadta i mbreis agus dosaen tír nach mbeadh aon tsúil leis an ngalar, ar tíortha Eorpacha a bhformhór. Deimhníodh cásanna i roinnt tíortha san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh, chomh maith leis an Astráil agus Iosrael ina measc.[11][12]
Tá formhór de na cásanna deimhnithe sa phobal homoaighnéasach.[13]
Tá vacsaín ar fáil.
Bolgach moncaí in ÉirinnCuir in Eagar
Bhí an chéad chás den bholgach moncaí in Éirinn taifeadta sa Tuaisceart ar 26 Bealtaine 2022.[10]
Ar 27 Iúil 20222, dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly go raibh 70 cás de bholgach an mhoncaí atá sa Stát agus go raibh vacsaíní breise á soláthar.[9]
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ "About Monkeypox" (en-us). CDC. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 15 October 2017.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 "Signs and Symptoms Monkeypox" (en-us). CDC. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 15 October 2017.
- ↑ 3.0 3.1 "Monkeypox" (en-us). CDC. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 15 October 2017.
- ↑ "Monkeypox" (en). www.who.int. Dáta rochtana: 2022-05-23.
- ↑ "Monkeypox in the United States" (en-us). CDC. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 15 October 2017.
- ↑ 6.0 6.1 6.2 6.3 "Monkeypox" (en). www.who.int.
- ↑ "Human monkeypox" (January 2014). Clinical Infectious Diseases 58 (2): 260–267. doi:PMID 24158414. .
- ↑ "Transmission" (en-us). CDC.
- ↑ 9.0 9.1 Nuacht RTÉ (2022-07-27). "70 cás de bholgach an mhoncaí sa Stát" (as ga).
- ↑ 10.0 10.1 Nuacht RTÉ (2022-05-26). "An chéad chás den bholgach moncaí in Éirinn taifeadta ó thuaidh" (as ga).
- ↑ "Monkeypox cases investigated in Europe, US, Canada and Australia". BBC News.
- ↑ "Monkeypox cases reported in these countries so far. Check full list here.". mint.
- ↑ Conradh na Gaeilge Londain (30 Iúil 2022). "Nuacht Mhall: 30 Iúil 2022 (Ard Mhacha)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2022-07-30.