An phríomhphróitéin i mbainne is cáis, atá saibhir i gcailciam is fosfar. Próitéin theaschobhsaí, ach deascann sí ag luach pH timpeall 4.2, caoin aigéadach. Baintear feidhm as seo i ndéanamh cáise, agus is í an chéad chéim deascadh an ghrutha (cáiséin is saill) ón meadhg. Is féidir an cháiséin a dheascadh le réinin, an einsím díleáite ó laonna, freisin.

Cáiséin