Cíb
An-chuid plandaí den chlann cyperaceae. Dhá cheann atá an-tábhachtach forleathan. Tá an chéad cheann, Carex, ar fud an Domhain ach an-choitianta i ngnáthóga fo-artacha, ailpíneacha is mongacha. Is cuid shainiúil den fhásra in áiteanna mar sin é. Ilbhliantúil riosómach le dosanna duilleog, cosúil le féar. An gas triantánach i dtrasghearradh, na bláthanna bídeach gan iombhláth. Na baineannaigh is na fireannaigh ar bhioranna difriúla, cosúil le féar. An toradh sainiúil ubhchruthach tríshleasach gobach. An dara ceann, Cladium mariscus, cosúil le Carex ach le duilleoga le chéile is sámhchiumhais. Tá sé seo ceannasach in eanaigh is corcacha i réigiúin theo.[1]
Cyperaceae | |
---|---|
Cyperus polystachyos | |
Planda | |
Cineál an toraidh | nucule (en) |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Poales |
Fine | Cyperaceae Juss., 1789 |
Cineál tacsanomaíoch | Cyperus |
Ainmníocht | |
Stádas ainmníochta | nomen conservandum |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cíb". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 133.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |