Peirianta
(Athsheolta ó Iombhláth)
Is éard is peirianta[1] (uaireanta iombhláth[2] nó imbhláth[3]) ann ná an dá fháinne sheachtracha de na codanna bláfara, tógtha le chéile (na seipil is na peitil). Nuair nach féidir na hiombhláthanna a idirdhealú óna chéile, tugtar teascáin iombhlátha ar na codanna difriúla. Nuair a bhíonn an t-iombhláth iomlán peitealóideach, mar a bhíonn i gcuid mhaith bláthanna monacotacha, tugtar teipil ar na teascáin aonaracha.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““peirianta” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-12.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Iombhláth". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 374.
- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): imbhláth” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-04-12.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |