Cailceoláiria
Baill de ghné mhór plandaí bliantúla is ilbhliantúla, agus tom atá dúchasach do Mheiriceá Láir is Theas is ea cailceoláiria.[1] Na duilleoga roctha i bpéirí urchomhaireacha; na bláthanna sainiúla démhaothánach, an maothán thíos séidte is cosúil le púitse. Fástar cineálacha mar mhaisiúchán, hibridí le bláthanna breactha buí, flannbhuí nó dearga, suas le 5 cm ar leithead.[2]
Calceolaria | |
---|---|
Category:Calceolaria bilatata (en) | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Lamiales |
Fine | Calceolariaceae |
Géineas | Calceolaria L. |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Calceolaria” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cailceoláiria". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 105.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |