Cairpre Gabra
Idir na 5ú agus 12ú haoiseanna, bhí Cairbre Gabhra (Cairpre Gabra) faoi cheannas clainne Gaelaí a mhaígh gurbh é Cairbre mac Néill a sinsear. Bhí an tuath suite taobh thuaidh de Tethbae agus den Eithne, i gContae an Longfoirt an lae inniu.[n 1][1] Is ionann a gcuid críocha agus barúntacht Ghránaird.[2][3][4][5]
Sanas
cuir in eagarIs truailliú é Cairpre Gabra de Cairbre Ua gCiardha.
Cairbre mac Néill
cuir in eagarAn mac is sine le Néill Naoighiallaigh, sinsear eapainmneach mhuintir Uí Néill, ba ea Cairbre.[6] Dar le sean-nós, phós Cairbre le banfhlaith na bhFear Bolg darbh ainm Mulreany. Bhí críocha aige sa Longfort raibh ó thuaidh de Ghránard, i dteannta le réimsí gar do Loch Éirne agus i mbarúntacht Chairbre i gContae Shligigh.[7] Is dócha gurbh é Cairbre an chéad duine dá mhuintir Uí Néill a raibh rath aige sna Laighin, Deirtear fosta gurbh Ardrí na hÉireann é.[8]
Suíomh
cuir in eagarDar le hÓ Duígeannáin, is ionann Cairbre Gabhra agus Ciarbre Ua gCiardha ársa. Níl sé ar aon intinn mar sin le Seán Ó Donnabháin, a chreid gur suite i mbarúntacht Chairbre, Contae Chill Dara, a bhí sé.[1][9]
Tuatha Ghlasraí & Bhreacraí
cuir in eagarIs amhlaidh gur críocha teorann de chuid ríocht na Mí é an ceantar roimh an seachtú haois. Sa seanscéal darb ainm Éirí amach na n-Aitheachtuath, deirtear go raibh Tuath Ghlasraí i gceannas thar timpeall Ghránaird agus Loch Síleann ach ní réir ar bith eile ann maidir leo.[10][11][12] Bhí Breacán mac Máine Mhóir ina chónaí ag Ráth Bhreacáin raibh ó thuaidh de Ghránard. Cloíodh a shliochtaigh, Tuath Bhreacraí, ag Cineál Chairbre sa bhliain 751.[13]
Cairpre Gabhra
cuir in eagarIdir na cúigiú agus seachtú haoiseanna, lonnaigh géag de chlann Uí Néill darb ainm Cairbre Gabhra (Gaeilge: Cairbre Ua Ciarrdha - muintir Chairbre mac Néill) that timpeall Ghránaird agus Loch Síleann i dtuaisceart Tethbae (Contae an Longfoirt).
Bhí trí chlann éagsúla de Chineál Chairbre ann c. an bhliain 700: Cairbre Laighean, Cairbre Ghabhra agus Cairbre Drom Cliabh.[14] Meastar anois ámh gur tógán níos déanaí é Cairbre Laighean.[15]
Creidtear go raibh clann Chairbre níos mó ann tráth, sínte ó Longfort go Sligeach agus ag am níos luaite i Liatroim agus cuid d'Fhear Manach (Tuatha Ratha nó An Machaire Buí). Roinneadh in dhá leath na críocha úd le teacht i réim ríocht Bhréifne faoi chlann Uí Bhriúin.
Feictear Cairbre Gabhra don chéad uair sna hannála Éireann faoin mbliain AD 731.[16][17] Bhí Gránard i lár na tuaithe, agus ar na teorainneacha bhí:
- taobh thoir, tuatha Luíne agus Gailenga,[18] bhí géag desna Gailenga ann i dtuaisceart Teathfa.[19] chomh fada b'fhéidir is An Chúil i gContae na hIarmhí.[20]
- taobh iar-thuaidh, Conmhaicne Mhaigh Réin,[1][21] ó Chluain Cuas tríd an gCruit (idir Sliabh Chairbre agus Loch na Baice) chomh fada is Loch Gamhna.[22]
- taobh theas, ríocht na Mí[23]
Sa lá atá inniu ann, tá an sna críocha barúntacht Ghránaird (cé is moite de chuid sa tuaisceart) agus cuid ar a laghad de bharúntacht Longfoirt.[24]
Bhí príomhchealla na tuaithe suite i nGránard agus i gCluain Brónaigh.[25][26] Insítear go ndúirt Naomh Pádraig le Guasacht mac Milchu Cill a bhunú i nGránard, agus le beirt deirfiúracha Cill a bhunú i gCluain Brónaigh. Óir sin, bhí Cairbre Gabhra ar cheann den chéad lárionadaí Críostaí in Éirinn.[26]
Tháinig Cairbre Gabhra faoi chois clann Uí Chuinn, Uí Fhearghail agus clanna Conmhaícne eile faoin 11ú haois, agus tógadh Caibre Gabhra san An Anaíle isteach.[7][27]
Eachtraí
cuir in eagarDéanann Dobbs (1938, 1941) cuir síos ar eachtraí a tharla i gCairbre Gabra:
- Bhuaigh Tigernmas i gcath réamhstairiúil ag Cluain Cuas.[28]
- AD 236: Chloígh Cormac mac Airt fir na nUladh ag Gránard.[12]
- AD 581: Thug Aodh mac Bréanainn mhic Bhriúin mac Mhaine Mhóir, rí Tethba, tacaíocht do Cholm Cille agus Uí Néill an Tuaiscirt nuair a chloígh siad Uí Néill an Deiscirt i gCath Uinnsin, ar taobh theas de Loch Gowna i gCairbre Ghabhra. D'fhéadfadh é go bhfuil an gheis ar ríthe na Teamhrach "gan dul i gcríocha dorcha Thuaisceart Tethba Dé Máirt" nasctha leis an gcliseadh seo.[29]
- AD 751: Cloíodh clann Uí Lachtnain, de shliocht Eoghain mhic Bhracáin mhic Mhaine Mhóir agus "ríthe na mBreacraí" ag Cineál Chairbre ag Coill Fhiontain (5 km taobh ó dheas de Ghránard).[13]
- AD 927: rinne fir Uí Ruairc creach ar Chairbre agus Tethba, ag marú Uí Chiardha, tiarna Chairbre Gabhra.[30]
- AD 983: rinne Brian Bóramha creach ar iarthar ríocht na Mí agus is dócha ar Chairbre Gabra.[31]
- AD 992: maraíodh Maolruanaí ua Ciardha, rí Chairbre, ag fir Tethba.[31]
- AD 1012: rinne Cairbre Gabhra creach ar Ghailenga sa Chabhán agus ar riocht na Mí. Maraíodh Ualgharg Ua Ciardha, tiarna Chairbre, agus go léir uile, ar tóraíocht abhaile.[32]
- AD 1046: Maraíodh Ua Ciardha, tiarna Chairbre Gabhra, ag tiarna Tethba (Ua Flannagáin Chomair).[33]
- AD 1066: Maraíodh fir Chairbre Gabhra, b'fhéidir in Éirinn as creach a rinneadh ar Scrín Cholm Cille (An Scrín, Contae na Mí).[34]
- AD 1069: Cuireadh Cairbre Gabhra agus Cill Ghránaird trí rinne ag tiarna Fhineghaill, in éiric b'fhéidir as loscadh chill Lusca agus chill Soird an bhliain roimh ré.[35]
- AD 1070: Cloíodh fir Tethba ag Uí Ruairc Bhréifne.[35]
- AD 1184: Deireadh le Cairbre Gabra mar tuath neamhspleách tar éis ionradh na Normannach.[36]
Féach freisin
cuir in eagarNótaí
cuir in eagar- ↑ Ghlaoití Conmhaicne Uachtar ar Longfort, cinn idirdhealú a dhéanamh le Conmhaicne Íochtar i ndeisceart Liatroma, an dís faoi cheannas mhuintir Chonmhaic mhic Fearghasa agus Meabha na gConnacht.
Foinsí
cuir in eagar- Ó Duígeannáin, Mícheál (1934). "Notes on the History of the Kingdom of Bréifne". The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland, Volumes 64-65 (1): 113–140. Royal Society of Antiquaries of Ireland. JSTOR 25513764.
- Dobbs, Margaret E. (1938). "The Territory and People of Tethba". The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland seachtú sraith, iml. 8, ui. 2 (2): 241–259. Royal Society of Antiquaries of Ireland. JSTOR 25510138.
- Dobbs, Margaret E. (1941). "The Territory and People of Tethba (Continued)". The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland seachtú sraith, iml. 11, ui. 3 (3): 101–110. Royal Society of Antiquaries of Ireland. JSTOR 25510301.
- Ulwencreutz, Lars (2013). "Ulwencreutz's The Royal Families in Europe V". Ulwencreutz Media.
- MacGivney, Joseph (1908). "Place-names of County Longford : collected from various sources". Baile Átha Cliath: J. Duffy.
- MacCotter, Paul (2008). "Medieval Ireland: territorial, political and economic divisions". Four Courts Press.
- Mahon, William (1988). "Glasraige, Tóecraige, and Araid: Evidence from Ogam" Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium, iml. 8-9. Department of Celtic Languages and Literatures, Faculty of Arts and Sciences, Harvard University.
- Catholic Record Society of Ireland (1912). "Archivium hibernicum: or, Irish historical records, Volume 1". Record Society, St. Patrick's College.
- Ó Cróinín, Dáibhí (1976). "A New History of Ireland: Prehistoric and early Ireland" 1. Oxford University Press.
- Charles-Edwards, T. M. (2000). "Early Christian Ireland". Cambridge University Press.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 Ó Duígeannáin 1934, p. 132.
- ↑ Ulwencreutz 2013, p. 160.
- ↑ MacCotter 2008, p. 133.
- ↑ Catholic Record Society of Ireland 1912, p. 9.
- ↑ Mahon 1988, p. 14.
- ↑ Ó Duígeannáin 1935, p. 132.
- ↑ 7.0 7.1 MacGivney 1908, p. 55.
- ↑ O Cronin 1976, p. 205.
- ↑ Ó Duígeannáin 1935, lch. 132, n. 72.
- ↑ Ó Duígeannáin 1935, lch. 132, n. 132.
- ↑ Mahon 1988, p. 13.
- ↑ 12.0 12.1 Dobbs 1938, p. 246.
- ↑ 13.0 13.1 Dobbs 1938, p. 249.
- ↑ Moody 1976, p. 206.
- ↑ Byrne, Francis John "Irish kings and High Kings" (Baile Átha Cliath : Four Courts, 2001; 2a heag.), lch. xvi. (nóta lch. 84).
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, ACM 731.7
- ↑ Dobbs 1938, p. 253.
- ↑ dar le Mac Firbhisigh
- ↑ Ó Duígeannáin, 1934, 132
- ↑ Dobbs, 1938, ll. 241–242
- ↑ MacGivney 1908, p. 54.
- ↑ Ó Duígeannáin 1935, p. 132, n. 132.
- ↑ Catholic Record Society of Ireland 1912, p. 2.
- ↑ O Croinin 1976, p. 208.
- ↑ Charles-Edwards 2000, p. 260.
- ↑ 26.0 26.1 Dobbs 1938, p. 248.
- ↑ Ó Duígeannáin 1935, p. 132, n. 72.
- ↑ Dobbs, 1938, lch. 242
- ↑ Dobbs 1938, p. 250.
- ↑ Dobbs 1941, p. 102.
- ↑ 31.0 31.1 Dobbs 1941, p. 103.
- ↑ Dobbs 1941, p. 105.
- ↑ Dobbs 1941, p. 108.
- ↑ Dobbs 1941, p. 109.
- ↑ 35.0 35.1 Dobbs 1941, p. 110.
- ↑ Dobbs 1938, p. 241.