Is planda bliantúil nó ilbhliantúil í an chaochneantóg[1] (géineas Lamium) a fhaightear beagnach gach áit ach amháin sna trópaicí. An gas cearnach, na duilleoga roctha i bpéirí urchomhaireacha, na bláthanna déliopach is an liopa uachtarach faoi chochall, i bhfáinní ag na nóid. Pailnithe ag beacha den chuid is mó. Fástar cuid mhaith díobh le bláthanna móra nó ildaite mar mhaisiúchán. Is fiailí coiteanna cuid eile acu, ina measc an chaochneantóg bhán ilbhliantúil le bláth bán, is an chaochneantóg chorcra bhliantúil le bláth bándearg/corcra. Nuair nach bhfuil sí i mbláth bíonn an chaochneantóg bhán cosúil le fíorneantóg, ach gan ribí loiscneacha: is ar an ábhar sin a tugadh an t-ainm uirthi.[2]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCaochneantóg
Lamium Cuir in eagar ar Wikidata

caochneantóg chirce Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhnucule (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdLamiales
FineLamiaceae
FofhineLamioideae
GéineasLamium Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Cineál tacsanomaíochLamium purpureum Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmníocht
Ainmnithe in ómósLamia Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm comhchiallach an tacsóin
Wiedemannia Cuir in eagar ar Wikidata

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Lamium” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Caochneantóg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 114.