Dearthóir is déantúsóir aerárthach a rugadh i Nua-Eabhrac ab ea Chance Milton Vought (26 Feabhra 189025 Iúil 1930). Ar Oileán Fada i Nua-Eabhrac a rugadh é agus b'ann a fuair sé bás.

Infotaula de personaChance Milton Vought

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Chauncey Milton Vought
Beathaisnéis
Breith26 Feabhra 1890
Long Island, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Iúil 1930
40 bliana d'aois
Long Island, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Seipticéime)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síInstitiúd Pratt
Ollscoil Pennsylvania Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcumadóir, eitleoir, innealtóir Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 14582041 Cuir in eagar ar Wikidata

Fuair Vought a chuid oideachais tríú leibhéal i bPratt Institute i gcathair Nua-Eabhrac agus in Ollscoil Pennsylvania. Mhúin na deartháireacha Wright an eitleoireacht dó, agus bhí sé mar phríomhinnealtóir i gcomhlacht Wright gur bhunaigh a chomhlacht féin, in éineacht le Birdseye Lewis, i 1917, mar atá Lewis & Vought Corp.

Dhear sé eitleáin mhíleata a raibh cáil orthu tráth:

  • dé-eitleán míleata Vought-Wright Samhail V (1916),
  • an Vought VE-7 (1919),
  • an t-eitleán breathnadóra Vought UO-1 (1925), agus
  • an t-eitleán troda sárluchtaithe aon suíocháin ardairde FU-1 (1925).[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Chance Milton Vought". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 701.