Is éard is clabhchorda[1] ann ná gléas ceoil méarchláir a úsáideadh sa 15ú-18ú céad. Athbheodh le déanaí é chun luathcheol a sheinm go príomha. Nuair a bhrúitear na heochracha buaileann tadhlaithe na sreanga, a ritheann go hingearach leis an méarchlár is a thiúntar i bpéirí. Maolaítear creatháin na sreang le héadach nó feilt ag a gcinn. Bhí stiallóga i gclabhchordaí luatha ionas gurbh fhéidir cuid mhaith nótaí difriúla a fhuaimniú le péire sreang, ag brath ar an áit ar bhuail an tadhlaí iad. I gclabhchordaí déanacha gan stiallóga, d'fhuaimnigh eochair amháin péire sreang chun nóta amháin a dhéanamh. Bhí an ton beag ach taitneamhach.[2]

WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilClabhchorda
Cineáluirlis mhéarchláir agus true board zithers with resonator box (en) Aistrigh
Aicmiú Hornbostel-Sachs314.122-4-8
Sonraí12 haois
Clabhchorda
  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): clabhchorda” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-05-05.
  2. Hussey, Matt (2011). "Clabhchorda". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 141.