Cogal
speiceas plandaí
Planda bliantúil le gas gan mórán géag is ea an cogal[1] (Agrostemma githago), 30-100 cm ar airde, cumhdaithe i ribí bána. Na bláthanna 3-5 cm ar leithead le gais is feadán cailíse lomrach, na peitil scothdhearg/corcra, rud beag mantach. Bhíodh sé ina fhiaile choiteann i ngoirt arbhair i ngach áit tráth, ach ag dul i léig anois, annamh in áiteanna. Tuigtear go bhfuil na síolta nimhiúil. Nuair a bhíonn sé flúirseach, laghdaíonn caighdeán an phlúir a tháirgtear. Tugtar diasa fia air freisin.[2]
Agrostemma githago | |
---|---|
Planda | |
Cineál an toraidh | capsúl |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Caryophyllales |
Fine | Caryophyllaceae |
Géineas | Agrostemma |
Speiceas | Agrostemma githago L., 1753 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Agrostemma githago” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cogal". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 155.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |