Coilleadh
Baint na bhfaireog gnéasach (na huiríocha nó na hubhagáin) trí obráid máinliachta.
- Nuair a dhéantar i bpáistí é, ní fhorbraíonn na hairíonna tánaisteacha gnéasacha.
- Nuair a dhéantar do dhuine fásta é, ní bhíonn na hathruithe fisiciúla chomh suntasach sin, ach bíonn sé aimrid.
Ní hionann is coilleadh máinliachta, i gcoilleadh míochaine tugtar drugaí do dhuine a chuireann bac ar ghnáthiarmhairtí na ngnéashormón fireann nó baineann. Déantar a leithéid mar chuid den chóireáil ar fhoirmeacha ar leith ailse.
TagairtíCuir in Eagar
|
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |