Conghalach Chnóbha

rí Éireannach
(Athsheolta ó Conghalach Cnobha)

Ard-Rí na hÉireann ba ea Conghalach Chnóbha (Mheán-Ghaeilge Congalach Cnogba) nó Conghalach mac Maol Mithigh (Congalach mac Máel Mithig), de réir na ríliostaí i nAnnála na gCeithre Máistrí, ón mbliain 944 go dtí 956. Is é Conghalach duine den dá "ard-rí Érenn" déag i láimh an bhunscríobhaí d'Annála Uladh.[1]

Infotaula de personaConghalach Chnóbha
Beathaisnéis
Breith10 haois
Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás956 (Féilire Ghréagóra)

Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Ardrí na hÉireann
944 – 956
← Donnchad DonnDomnall ua Néill →
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachSíol Aodha Sláine Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMáel Mithig (?)

Sliochtach den 10ú glúin de Shíol Aodha Sláine ar thaobh a athar ba ea Conghalach, rud a dtabharfadh tacaíocht dá ríogacht.[2] Ar thaobh a mháthair, ba bhall de Chlann Cholmáin é, garmhac Flann Sionainne agus nia an iarArd-Rí, Donnchad Donn.[3] Sna Annála Inis Faithlinn, Ard-Rí go bhfreasúra a bhí sé, ag coimhlint lena namhaid, Ruairí Ó Canannáin de Cenél Conaill.[4]

Tuairiscítear sna hannála Éireann go raibh Conghalach i mbun chogaidh le cuid mhaith dá chomharsana, agus ó thráth go chéile cara agus namhaid rí Dhubhlinne, Amhlaoibh Cuarán. D'éag Conghalach i ndearadh na dála ag troid in éadan na Laigean agus na nGael-Lochlannach as Duibhlinn sa bhliain 956, i luíochán ag Dún Ailinne (Contae Chill Dara).[5][6]

  • Byrne, Francis J., Irish Kings and High-Kings. B.T. Batsford, Londain, 1973. ISBN 0-7134-5882-8
  • McCarthy, Dan, "The Chronology of the Irish Annals", Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann',1998, ll. 203–255 (pdf).
  • Woolf, Alex, "Pictish Matriliny Reconsidered" in The Innes Review, imleabhar XLIX, uimh. 2 (Fómhar 1998), ll. 147–167. ISSN 0020-157X
  1. Byrne, ll. 256–257; tugtar sinsearacht Chonghalaigh ó Aodh Sláine ar aghaidh ina thásc i nAnnála Uladh, AU 956.
  2. Byrne, lch. 87 & lch. 281, tábla 2.
  3. Woolf, lch. 151.
  4. McCarthy, Dan, "The Chronology of the Irish Annals", leagan Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine athbhreithnithe ar líne.
  5. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 953
  6. Annála Uladh, AU 956.