Eallach
(Athsheolta ó Cow)
Mamaigh cheansaithe, saothraithe ón áracs fiáin (Bos primigenius) is ea eallach (Bos taurus). Scaipthe faoi seo ar fud an Domhain le han-chuid pór.
Bos taurus | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Mammalia |
Ord | Artiodactyla |
Fine | Bovidae |
Géineas | Bos |
Speiceas | Bos taurus L., 1758 |
Ainmníocht | |
Ainm comhchiallach an tacsóin | |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Fástar le haghaidh bainne is/nó feola iad, agus chun ualaigh a tharraingt. Tugtar damhra orthu freisin. Mhéadaigh an líon eallaigh sa Domhan faoi dhó i 1960-1980.
Tugtar bó ar na hainmhithe baineannacha, agus faightear bainne ó bha ar fud an domhain. Tá tuairim is 1.3 billiún bó ar domhan (281,700,000 san India amháin).
Seanfhocail
cuir in eagar- Is maith sú bó, beo nó marbh
- Fear na haon bhó fear gan aon bhó
- Bíonn adharca fada ar na ba i gcéin.
- Má labhraíonn an chuach ar chrann gan duilliúr, díol do bhó agus ceannaigh arbhar.
- Díol do bhó i bhfad ó bhaile, ach faigh do bhean ar an gcarn aoiligh.
- Bíonn gach éinne ag cur a bhó féin thar abhainn.
- Ba shaibhir fear na muice gur bhuail sé le fear na bó.
- Bíonn gach duine lách go dtí go dtéann bó isteach ina gharraí féin.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Eallach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 235.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |