Slonn a chuireann síos ar iarmhairt maise is fuinnimh ar an spás-am. I meicnic Newton, is nialas í seo, rud a chomhfhreagraíonn do spás-am leata neamhchuartha. Ach is eol ón mbreathnú ar chuaradh chúrsa an tsolais ó réaltaí ag ár nGrian nach leata atá an spás-am. I dteoiric ghinearálta na coibhneasachta, is de bharr go bhfuil mais i láthair atá an spás-am cuartha. Tairgtear go bhfuil réigiúin le cuaire éigríochta (i ndúphoill, mar shampla). Ag fad an-mhór amach ó reanna maisiúla spéire, bíonn an spás-am ionann is leata, rud a chomhfhreagraíonn d'imtharraingt lag.[1]

Cuaire spás-ama

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cuaire spás-ama". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 189.