Poa
géineas plandaí
(Athsheolta ó Cuise)
Is géineas féar ilbhliantúil é Poa. Tugtar cuise[1] air i nGaeilge, agus gormfhéar freisin, go háirithe ar na cineálacha a fhásann sna Stáit Aontaithe. Tá gais fhréamhaithe dreaptha aige a fhoirmíonn dois réasúnta docht. Athraitheach, dáilte go forleathan ar fud na réigiún measartha sa leathsféar thuaidh. Tábhachtach mar fhéar innilte.
cuise bliantúil | |
Planda | |
---|---|
Cineál an toraidh | carapsach |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Poales |
Fine | Poaceae |
Fofhine | Pooideae |
Géineas | Poa L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Poa pratensis |
Is foirm scothghorm cuise é gormfhéar Kentucky na Stát Aontaithe.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Poa” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cuise". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 192.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |