Cyril Norman Hinshelwood
Ceimicí a rugadh i Londain Shasana ab ea Cyril Norman Hinshelwood (19 Meitheamh 1897 – 9 Deireadh Fómhair 1967). Rinne sé taighde ar iarmhairtí drugaí ar chealla baictéar, agus cinéitic imoibrithe ceimiceacha.
Roinn sé Duais Nobel na Ceimice sa bhliain 1956 le Nikolai Semenov as an saothar ar chinéitic imoibrithe.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cyril Norman Hinshelwood". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 347.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |