David Morris Lee

fisicí Meiriceánach

Fisicí a rugadh i Rye, Nua-Eabhrac is ea David Morris Lee ar an (20 Eanáir 1931). Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic lena chomhghleacaithe Robert Richardson is Douglas Osheroff i 1996 as forshreabhacht He-3 a fhionnadh sna 1970idí. Ritheann ábhar forshreabhach gan slaodacht trí phóireanna an-bheaga, agus má rothlaítear é, cruthaítear mionchuilithí ann a fhreagraíonn do rialacha candamacha. Thaispeáin Pjotr Kapitza i 1937 gur forshreabhach é príomhiseatóp heiliam, He-4, nuair a fhuaraítear go 2.7 K é. D'éirigh le Lee is a chomhghleacaithe He-3 a fhuarú go dtí .002 K, rud nach ndearnadh roimhe sin. Mar fhotháirge agus trí thimpiste, chruthaigh siad gur forshreabhán He-3 ag an teocht fhíoríseal seo.[1]

Infotaula de personaDavid Morris Lee

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Eanáir 1931
93 bliana d'aois
Rye, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Harvard
Ollscoil Yale
Ollscoil Connecticut Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFisic
Gairmfisiceoir, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirTexas A&M University (en) Aistrigh
Ollscoil Cornell
Ollscoil Florida Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaDouglas Dean Osheroff agus Nicholas P. Bigelow
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinlassp.cornell.edu… Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "David Morris Lee". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 403.