Dochtúir a saolaíodh in Inis Ceithleann ab ea Denis Burkitt (28 Feabhra 1911 - 23 Márta 1993). Agus é ina mháinlia in Uganda, 1947-1964, rinne sé staidéar ar dháileadh na hailse áirithe a dtugtar liomfóma Burkitt anois uirthi. Galar is ea é a mháchailigh is a mharaigh an-chuid páistí sna tíortha Afracacha meánchiorclacha. Thaispeáin sé gur víreas ar leith, víreas Epstein-Barr, is cúis leis an liomfóma seo. Tá leigheas ar liomfóma Burkitt tríd an víreas sin a chloí. Léirigh sé freisin an ceangal idir galair is cothú. I 1971 chruthaigh sé an dlúthcheangal idir easpa gairbhsí snáithíní sa chothú is ailse na bputóg. Mar thoradh, tháinig réabhlóid i gcúrsaí cothaithe ar fud an Domhain agus feabhas as cuimse ar ár dtuiscint ar cad is cothú folláin ann.[1]

Infotaula de personaDenis Burkitt

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Feabhra 1911
Inis Ceithleann, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás23 Márta 1993
82 bliana d'aois
Gloucester, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síPortora Royal School (en) Aistrigh
Dean Close School (en) Aistrigh
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Scoil Leighis, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreMáinliacht
Gairmlia mileata, máinlia, oinceolaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Gradam a fuarthas

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Denis Burkitt". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 100.