Astaróideach 2000 SG344
Tá na réalteolaithe ag tuar go sroichfidh astaróideach réasúnta mór comharsanacht an domhain. SG344 nó "Dreigeoideach 2030" atá mar ainm ar an astaróideach seo, agus tá a lorg á leanúint ag réalteolaithe ar fud an domhain. Ceapann na réalteolaithe go sroichfidh an t-astaróideach comharsanacht an domhain i Mí Mheán Fómhair na bliana 2030.
TréitheCuir in Eagar
Meastar go bhfuil SG344 chomh mór le hárasán, idir 30m agus 70m ar trastomhas.
Ní fios an oighear, nó gairbhéal, nó carraigeacha móra nó iarann atá ann. Más oighear nó gairbhéal atá ann, is má bhuaileann sé leis an domhan, dhealódh sé ó chéile agus dhófaí go hiomlán san atmaisféar é, sula sroichfidh sé dromchla an domhain. Ní dhéanfaidh sé dochar ar bith agus í chuirfeadh sé sin isteach ar an domhan ar chor ar bith.
Ach más carraigeach nó miotalach é, agus má bhuaileann SG344 i gcoinne an domhain (tá seans amháin as 417 go dtarlóidh sé sin), d'fhéadfadh pléasc cúpla meigeatonna tarlú, céad oiread níos cumasaí ná an buama adamhach a mhill Hiroshima na Seapáine i 1945: bheadh a leithéid inchurtha leis an imbhualadh astaróidigh a tharla i dTunguska na Sibéire i 1908.
StairCuir in Eagar
I Mí Mheán Fómhair na bliana 2000 tháinig réalteolaithe ar astaróideach réasúnta mór.[1] Tháinig D. J. Tholen, and R. J. Whiteley ar SG344 ar 29 Meán Fomhair 2000.
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ An tÉolaí (2002). "GAEILGE - ARDLEIBHÉAL - PÁIPÉAR II". Dáta rochtana: 2020.
|
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |