Imoibriú núicléach ina scoiltear an núicléas, mar shampla núicléas d'úráiniam-235, ina dhá bhlúire mhóra agus a scaoiltear amach cuid mhaith fuinnimh. De ghnáth is ionann na blúirí seo is núicléis de dhúile i lár chlár peiriadach na ndúl. Astaítear neodróin freisin, agus má bhíonn tuilleadh núicléas U-235 sa timpeallacht is féidir go n-ionsóidh na neodróin ón mbunimoibriú iad, agus a thuilleadh imoibrithe den saghas céanna a spreagadh.

Beochan ar eamhnú núicléach spreagtha ag neodrón de réir an tsamhail braoiníní le trí neodrón nua-scaoilte
Sampla d'eamhnú núicléach spreagtha ag neodrón de úráiniam-235

Is féidir imoibriú slabhrúil a chur ar siúl má dhéanann níos mó ná neodrón amháin ionsaí mar seo tar éis gach imoibriú aonair. Le linn an imoibrithe shlabhrúil seo scaoiltear a lán teasa i seal gairid ama, agus tagann sé seo ó chlaochlú maise go dtí teasfhuinneamh. Is ionann an teas a chruthaítear ó 1 kg U-235 is a fhaightear ó 3.1 milliún kg guail. Is í an ghiniúint teasfhuinnimh seo le linn an imoibrithe is bun leis an bpléascán adamhach agus an modh núicléach ginte fuinnimh leictrigh. Chun pléascán núicléach a dhéanamh, níl ag teastáil ach timpeall 7 kg d'úráiniam-235 a bheith bailithe go dlúth le chéile chun an t-imoibriú slabhrúil a chur ar bun. Tugtar an mhais chriticiúil ar an íosmhéid seo den iseatóp ineamhnaithe.

Sa bhuama ligtear don imoibriú slabhrúil dul ar aghaidh chomh tapa agus is féidir chun an pléascadh a dhéanamh chomh cumasach millteanach agus is féidir. In imoibreoir núicléach is féidir an t-imoibriú céanna a stiúradh go mall rialta, agus an teas uaidh a úsáid chun uisce a fhiuchadh, tuirbín gaile a rothlú, agus leictreachas srutha ailtéarnaigh (SA) a ghiniúint.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Eamhnú núicléach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 235.