Córas teilgthe teilifíse le scáileán mór is ea eidifear. Tá léas leictreon taobh istigh den fheadán folúsach is é modhnaithe ag an bhfíschomhartha. Scantar an léas seo ar dhromchla ciseal ola: díchumann sé seo an dromchla, agus athraonann sé sin solas ó lampa cumhachtach. Is mar seo a chruthaítear an íomhá le teilgean ar an scáileán mór. Nuair is pictiúr daite atá i gceist, bíonn gá le 3 fheadán, gach ceann tiomnaithe do phríomhdhath, agus measctar na 3 íomhá go comhuaineach sa teilgean chun íomhá dheireanach dhaite a thaispeáint. Tháinig deireadh ar ré an eidifir le linn na 1990idí le forbairt theicneolaíocht na scáileán mór, mar shampla taispeáint leacht-chriostail (LCD) agus próiseáil solas digiteach (DLP).[1]

Aghaidh gléas eidifir
Cúl gléas eidifir

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Eidifear". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 241.